Lá Domhanda an Chineáltais 2020


Tá Lá Domhanda an Chineáltais 2020 buailte linn agus cé nach féidir linn barróg mhór a thabhairt dár gcairde nó cóisir a bheith againn lena chéile, is féidir linn a cheiliúradh ar bhealaí difriúla i mbliana. 

Baineann tábhacht ar leith leis an chineáltas faoi láthair agus muid i lár paindéime agus is féidir le dea-ghníomhartha athrú an domhain a dhéanamh i saol duine éigin. 

Cloisimid tuairimí na bpáistí ó Ghaelscoil Neachtain i nDún Geimhin faoin tábhacht a bhaineann leis an chineáltas mar chuid de shaol an uile lae. Mhínigh na páistí do Meon Eile cad é a chiallaíonn cineáltas dóibh agus cad é atá siad a dhéanamh i mbliana ar Lá Domhanda an Cineáltais. Nach iontach iad!

Close
Close