Is í an Eacnamaíocht atá Lárnach, a dhuine dhaill!

Caitheann an tráchtaire Eoin Ó Murchú súil ghéar ar a bhfuil ar siúl ag an Uachtarán Trump i Meiriceá agus a dteastaíonn uaidh a dhéanamh ó thaobh na heacnamaíochta dhe.


Caitheann an tráchtaire Eoin Ó Murchú súil ghéar ar a bhfuil ar siúl ag an Uachtarán Trump i Meiriceá agus a dteastaíonn uaidh a dhéanamh ó thaobh na heacnamaíochta dhe.

In Éirinn agus ar fud an domhain go deimhin tá daoine ag baint taitnimh mhóir as na deacrachtaí atá dhá bhfulaingt ag Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, lena iarracht smacht a chur ar dhaoine as seacht dtíortha Moslamacha taisteal isteach sna Stáit Aontaithe.

(Is fiú cuimhneamh b’fhéidir gurb é Barack Obama a dhréachtaigh an liosta céanna sin).

Ach, léiríonn na sluaite a tháinig amach ag déanamh agóide i gcoinne Trump is a chuid polasaithe, i Meiriceá féin agus ar fud an domhain, go gcuireann boladh an chiníochais agus an dímheas soiléir ar mhná déistin ar a lán. Is maith an rud é sin.

Ach mura bhfuil, nó mura mbeidh, lucht na hagóide in ann a thuiscint cén fáth gur bhuaigh Trump, ní bheidh siad in ann fáil réidh leis sa gcéad toghchán eile, nó go deimhin leas forásach a bhaint as an athrú bunúsach a d’fhéadfadh a bheith ag teacht ar an gcaidreamh idirnáisiúnta is ar an gcóras geilleagrach domhanda.

Tá sé ráite go minic, ach ní thugann lucht cáinte Trump aon aird air, gur ghnóthaigh sé an bua toisc nach raibh aon dóchas ag na mílte i Meiriceá atá thíos de bharr tionchar an domhandaithe eacnamaíoch go dtiocfadh feabhas ar bith dóibh as na polaiteoirí is na polasaithe a bhíodh in uachtar.

Agus ag deireadh thiar éireoidh le Trump sa méad is go mbeireann sé jabanna agus dóchas ar ais dóibh siúd sa gcrios meirge i Meiriceá a sheol isteach sa Teach Bán é.

B’íontach mar sin fhéin na mílte bean a fheiceáil amuigh ag agóidíocht ar son a gcearta agus in aghaidh an chúlaithe atá beartaithe ag Trump.  Ach ní bheidh aon mhaith sa slógadh mór sin mura gceanglaítear le riachtanais oibre sna hiarcheantracha tionsclaíocha atá dearóil inniu.

B’shin ar ndóigh an teachtaireacht a bhí ag Bernie Sanders, ach bhain lucht stiúrtha an Pháirtí Dhaonlathaigh leas as gach seift is cleas cam le cinntiú nach bhfaigheadh seisean an t-ainmniúchán.

Sa deireadh, ar ndóigh, chinntigh siadsan gur ag Trump a bheadh an bua.

Ar an stáitse domhanda, cé go bhfuil Trump ag caint go bagarthach i gcoinne na hIaráine agus ag déanamh neamhaird ar fad de chearta na bPalaistíneach tá an domhan fós níos sábháilte go bhfuil Trump sa Teach Bán agus nach bhfuil Hillary Clinton.

Is í Clinton agus an coirpeach cogaidh Samantha Power a bhí freagrach as an ionsaí fuilteach a rinneadh ar an Libia is a d’fhág an tír sin scriosta, roinnte agus lagaithe as cuimse.

B’í Clinton a bhí ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh don tSiria, agus a bhí ag iarraidh cur leis an mbagairt mhíleata i gcoinne na Rúise. Agus b’é Obama a thug an solas glas don Araib Shádach an t-ionsaí reatha a dhéanamh ar Éimin.

Ag deireadh thiar, ámh, níl sa méad sin ar fad ach an comhthéacs ina bhfeiceann muide tionchar Trump.

Chun é a thuiscint i gceart caithfidh tuiscint céard atá sé ag iarraidh a dhéanamh ó thaobh na heacnamaíochta dhe.

Tá na Stáit Aontaithe go mór i bhfiacha don tSín – os cionn trilliún dollar.  Gach bliain ceannaíonn SAM trí chéad billiún dollar d’earraí ón tSín níos mó ná a dhíolann siad. Tagann cuid de sin ar ais ón gcaoi go gceannaíonn Sínigh maoin (réadach is eile) i SAM.

Tá cuid mhaith de sin ann toisc gur aistrigh rachmasithe Mheiriceá a gcuid táirgthe don tSín, agus go ndéanann lucht airgeadais níos mó brabús as sin. Ach tá an costas á íoc acu siúd i Meiriceá nach bhfuil jabanna ann dóibh feasta agus nach féidir earraí nó seirbhísí a cheannach toisc nach bhfuil aon airgead acu.

Is urlabhraí é Trump do na rachmasaithe sin a bhíonn ag brath ar an margadh baile. Agus mar sin tá sé ag iarraidh jabanna a thabhairt abhaile agus an comhardú trádála a athrú dá leas.

Tá an tSín ró-chumhachtach is na fiacha ró-mhór gur féidir leis leatrom a imirt ar an tSín, ach tá sé ag iarraidh cinntiú nach mbeidh an Rúis gníomhach ina choinne ag an am go dtugann sé aghaidh ar an tSín.

Is air sin a dhéanfar breithiúnas air i Meiriceá aimsir toghcháin, ach ardaíonn an polasaí sin ceisteanna dúinne faoin gcaoi gur féidir linne ár leas reatha leis na Stáit a chosaint agus ról faoi leith a chruthú dúinn sa gcaidreamh nua a bheas ann.

B’fhéidir gur chóir dúinn cás faoi leith a dhéanamh dá chás, is cé go gcuireann idirdhealú ciníoch nó reiligiúnach orainn, b’fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis go bhfuil ár gcath féin againn le troid, cath a fhréamhaítear i dtéarma pholasaí Trump i leith cúrsaí airgid agus cúrsaí trádála.

Mo léan, don chuid is mó ní fhaigheann muid ach polaitíocht na heagla, tráchtairí ag iarraidh argóint a mhíniu faoi cén fáth gur chóir vótáil i gcoinne Trump cé nach bhful vóta againn agus go bhfuil an toghchán thart ar aon chuma.

Ní duine deas é Trump.

Close
Close