Éire v Iosrael: An seasfaidh an FAI lena chinneadh?

Laura Ní Aoidhne

Lá i ndiaidh lae, tá an brú ar an FAI ag méadú. Tá feachtas ag iarraidh cluichí na hÉireann in aghaidh Iosrael a chur ar ceal ach ba mhian leis an eagraíocht pionóis idirnáisiúnta a sheachaint.

Tá cinneadh amháin déanta acu cheana féin ach b’fhéidir go mbeidh orthu ceann eile a dhéanamh i bhfianaise an fheachtais atá ag bailiú nirt.

Cé go bhfuil dualgais agus rialacha idirnáisiúnta le cur san áireamh ag an FAI, tá argóint ann atá ag éirí níos láidre gur cheart don eagraíocht éisteacht leis an dearcadh atá ag teacht chun cinn i measc a cuid ball agus sa phobal níos leithne.

Bhí foireann sacair na hÉireann sceidealaithe chun aghaidh a thabhairt ar Iosrael i Staid Aviva, trí bliana i ndiaidh ionsaithe Hamas i mí Dheireadh Fómhair 2023. Mar thoradh ar an bhrú poiblí agus polaitiúil ar an FAI gan an cluiche a imirt agus gan fáilte a chur roimh fhoireann Iosrael in Éirinn, imreofar an cluiche san Ungair anois, ionad neodrach. Tá cluiche eile idir an dá fhoireann le himirt i mí Mheán Fómhair ag ionad neodrach chomh maith.

Faoi rialacha UEFA agus FIFA, d'fhéadfadh pionóis spóirt nó airgeadais teacht as diúltú cluiche a imirt. Faoi láthair tá an FAI ag iarraidh gníomh smachtaithe ná dícháiliú a sheachaint agus iad ag cur in aghaidh na hachainí agus na bhfeachtas atá ar bun chun an cluiche a chur ar ceal nó é a bhaghcatáil. Níl siad sásta aon bhaol a chruthú do rannpháirtíocht na hÉireann in Euro 2028. Ar deireadh shocraigh an FAI ar chomhréiteach de chineál agus an cluiche a bhogadh amach as Éirinn. Mar sin féin tá tacaíocht fhorleathan taobh thiar den fheachtas #StopTheGame, le polaiteoirí, an pobal i gcoitinne agus daoine mór le rá i saol an tsacair - iarbhainisteoir Phoblacht na hÉireann Brian Kerr, cuir i gcás - ag labhairt amach ar a shon. Léirigh suirbhé a rinne PFA Ireland go raibh formhór na n-imreoirí i Sraith na hEireann den tuairim nár cheart an cluiche a reáchtáil, ar bhonn morálta.

Tá daoine eile den bharúil gur cheart don FAI a chuid dualgas idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus nár chóir don pholaitíocht a bheith ag cur isteach ar imeachtaí spóirt.

Tá cluichí in aghaidh Iosrael sceidealaithe ag an Chosaiv agus ag an Ostair fosta. Go dtí seo, áfach, níl an leibhéal céanna agóide le sonrú sna tíortha sin agus atá in Éirinn. Tuigtear nach mbeidh aon Aire atá freagrach as cúrsaí spóirt in Éirinn ag freastal ar na cluichí iad féin ach tá sé ráite ag an Aire Stáit Charlie McConalogue - agus é ag míniú go dtacaíonn an rialtas le cinneadh an FAI - go bhfuil Éire ag iarraidh ceannaireacht idirnáisiúnta a léiriú maidir leis an cheist. Tá cuid de lucht an fheachtais ag maíomh go gciallódh an cheannaireacht sin go n-imreofaí na cluichí.

Chuir Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta rún os comhair na Dála ag impí ar an rialtas - Fianna Fáil, Fine Gael agus an seisear polaiteoirí neamhspleácha a sheasann leo - tacú le baghcat ar na cluichí. Diúltaíodh do rún, áfach, agus tá an rialtas ag cloí leis an teachtaireacht gur le Bord an FAI an cinneadh.

De réir mar a mhéadaíonn an brú polaitiúil agus poiblí, tá gach seans ann go mbeidh ar an eagraíocht a léiriú cad é an rud is tábhachtaí di.

Tá lucht an fheachtais ag rá nach leor na cluichí a bhogadh agus, go simplí, tá daoine ag iarraidh go gcuirfear na cluichí ar ceal. An gcloífidh an FAI go docht le rialacha an spóirt idirnáisiúnta nó an bhfreagróidh sí na glaonna i leith luachanna morálta atá ag teacht óna cuid ball agus ón phobal trí chéile?

Close
Close