Ionad Hind Rajab

Laura Heeney

Is í Iosrael an chúis is mó le bás páistí in Gaza ó 2023 i leith; mharaigh siad níos mó ná 21,000 paiste ó mhí Dheireadh Fómhair, 2023. 

Maraítear páiste amháin gach uair a chloig.

Tá níos mó paistí a bhfuil teasach orthu in Gaza ná mar atá in áit ar bith eile ar domhan.

Is fíricí mar seo a thiomáin Adam Doyle le tús a chur lena chuid oibre mar ealaíontóir polaitiúil ar son na Palaistíne faoin ainm Spicebag.

Ó 2024, tá scairfeanna glasa agus oráiste Spicebag agus An Phalaistín scríofa orthu le feiceáil achan áit.

Deartha ag Adam chun airgead a bhailiú ar son mhuintir na Palaistíne, anois, agus €10,000 bailithe, tá Doyle i ndiaidh tús a chur le togra úr.

I mí Eanáir na bliana seo, osclaíodh Ionad Hind Rajab i gceantar Al-Mawasi in Gaza, gar do Khan Younis ar bhonn oifigiúil.

Ó shin i leith, tá níos mó ná 80 páiste cláraithe agus iad ag freastal ar na seirbhísí iontacha atá á gcur ar fáil ag an ionad.

Ní hamháin go bhfreastalaíonn an t-ionad ar riachtanais bhunúsacha na bpáistí ar nós bia agus uisce ach anuas air sin, tá Ionad Hind Rajab tiomanta chun spás sábháilte, suaimhneach agus spreagúil a chruthú do pháistí trí sheirbhísí sláinte, ceardlanna ealaíne agus tacaíocht shíceashóisialta.

Tá an pobal ag obair ar an talamh in Gaza leis na páistí, ag reáchtáil na ranganna agus ag tacú leo.

In 2024, tharraing glór scanraithe Hind Rajab aird dhomhanda nuair a d’fhoghlaim daoine faoin uafás a tharla.

Agus í léi féin, a hathair, a máthair agus col ceathrar léi marbh sa charr ina raibh sí, d’éirigh leis an chailín sé bliana d’aois dul ar ghuthán póca agus labhairt leis na seirbhísí éigeandála, ag impí orthu í a tharrtháil i ndiaidh ionsaí a rinne Iosrael ar an 29 Eanáir 2024.

Sa deireadh, maraíodh Hind, in éineacht lena teaghlach agus na hoibrithe éigeandála a rinne iarracht ghaisciúil í a shábháil.


Chonacthas 335 poll piléar sa charr.

 

Bhí a scéal i mbéal an phobail ag an am agus chuaigh an scannán coscrach The Voice of Hind Rajab go mór i bhfeidhm ar dhaoine.

Is siombail anois í Hind bheag agus a glór de ghuth na bPalaistíneach ar fad agus iad ag iarraidh tarrthála ón uafás leanúnach ina bhfuil siad.

Is é tragóid scéal Hind tragóid na mílte daoine neamhurchóideacha eile sa Phalaistín.

Le bunú Ionad Hind Rajab, cuimhnítear uirthi, ar a hainm, ar a teaghlach agus ar na céadta mílte daoinetimpeall an domhain atá cosúil leo.

Is scéal é a spreag Adam Doyle, atá 29 bliain d’aois as Cill Mhantáin, agus i gcuideachta leis an Dignity forPalestinians Campaign, chinn sé ar ghníomhú ar son na cúise seo.

“Ó 1998 i leith, tá daoine in Éirinn beannaithe go bhfuil siad ina gcónaí i dtír atá síochánta,” ar sé.

“Táimidne ag Ionad Hind Rajab ag baint úsáid as an phribhléid sin chun cuidiú le páistí nach raibh lá amháin síochána acu ó Dheireadh Fómhair 2023.

“Tá na paistí in Gaza ag fulaingt i mbealach nár cheart go mbeadh duine ar bith fulaingt.

“Tá Ionad Hind Rajab ainmnithe ina honóir agus tá súil againn an spás a thabhairt do pháistí a bheith ag súgradh, ag foghlaim agus ag fás go sábháilte, deis nach raibh ag Hind, agus ag na deicheanna de mhílte eile.

“Tá sé mar aidhm againn an deis sin a thabhairt dóibh agus gach iarracht a dhéanamh tacú leo ina gcuid oideachais, cothú, forbairt phearsanta agus meabhairshláinte,” arsa Adam.

Anois, tá airgead á bhailiú chun an dara seomra ranga a thógáil leis an ionad a fhorbairt do na páistí atá i gcruachás. Tá geansaithe peile le patrún eangaigh agus keffiyeh ar díol agus scairf na Palaistíne ar shuíomh spicebagmerch.com.

Is togra tiomsaithe airgid iad na geansaithe agus scairfeanna seo agus téann an brabús ar fad díreach chun tacú le hIonad Hind Rajab.

Cuidíonn gach ceannach le hacmhainní riachtanacha agus cláir a mhaoiniú a dhéanann fíordhifríocht ar an talamh. Is féidir le daoine síntiúis a thabhairt go díreach tríd an tsuíomh fosta ar ionadhindrajab.org

Close
Close