Gaeil ar son Iosrael - léargas ar a seasamh

Tá foréigean forleathan tar éis briseadh amach idir Iosrael agus na Palaistínigh in athuair le daoine ag fáil bháis ar an dá thaobh. Tá cuma ar chúrsaí go dtacaíonn bunús Ghaeil na hÉireann le cás na bPalaistíneach seachas le hIosrael. Ach cad fúthu sin a thacaíonn le hIosrael? Labhair Ciarán Dunbar le cuid acu chun fáil amach faoina seasamh ar son an Stáit Ghiúdaigh.

Is as Contae an Chabháin é Ciarán Ó Raghallaigh, chuir an eagraíocht Irish4Israel i dteagmháil liom é.

Chuir mé an bhuncheist air – cén fáth a dtacaíonn tú le hIosrael?

“Caithfidh mé a mhíniú go bhfuil mo thuairim níos casta ná sin,” a deir sé áfach, “ní aontaím le gach rud a dhéanann Stát Iosrael.”

Do Chiarán, tá ceist an Uileloiscthe lárnach i dtólamh.

“Ní raibh éinne ann chun tacaíocht a thabhairt do Ghiúdaigh na hEorpa.

“Creidim go bhfuil fadhb an fhrith-Ghiúdachais an-mhór ar fud an domhain fós ach anois tá tír amháin ann a ardóidh guth i gcoinne an fhuatha seo atá ar siúl le 2,000 bliain.

“Sin é an fáth is tábhachtaí a thacaím le hIosrael.”

Dar le hEiméid Ó Fathaigh, arb as Baile Átha Cliath dó, is é an daonlathas an cheist is tábhachtaí.

Deir sé: “Is é [Iosrael] an t-aon tír sa réigiún atá daonlathach agus a bhfuil a dlíthe bunaithe ar chultúr cearta aici.”

Caithfidh mé a lua go meastar go bhfuil an Liobáin agus an Tuirc ina dtíortha daonlathacha chomh maith agus go meastar go bhfuil an Éigipt agus an Iaráic daonlathach go pointe – cé go bhfuil fadhbanna polaitiúla móra sa dá thír.

Tá Eiméid iontach gníomhach ar Twitter ar an cheist (@AnGiogoir).

Deir sé bhfuil barraíocht “droch-eolais” ar na meáin shóisialta agus go bhfuil seisean díreach ag iarraidh cothrom na Féinne a thabhairt.

Is leabharlannaí as Baile Átha Cliath í Olga Corbett, níor ghlac sí taobh Iosrael i gcónaí.

“Thug mé tacaíocht do na Palaistínigh san am atá caite. Ach le fás an Ioslamachais fhanaicigh – in Éirinn – d’athraigh m’aigne láithreach,” a deir sí.

Is Meiriceánach é Séamas Ó Neachtain atá ina eagarthóir ar an iris ‘An Gael’.

Dar leis go bhfuil an fhadhb iontach simplí ar fad: “Is maith liom tacaíocht a thabhairt d’éinne a bhíonn ag seasamh ar son na fírinne is an chirt, go háirithe nuair a bhíonn siad faoi ionsaí. Sin cás Iosrael.

“Déanaim m’iarracht bheag féin chun an fhírinne a scaipeadh in éadan na mbréag,” a deir sé.

Na Palaistínigh

Ach cad ba chóir do Phalaistínigh a dhéanamh sna cúinsí ina bhfuil siad?

Bhí Olga Corbett iontach ionraic: “Ní fios dom go díreach.”

Ach bhí Ciaran Ó Raghallaigh iontach soiléir : “Stad a chur leis na hionsaithe ó Gaza, chun a thaispeáint go mbeidh Stát Palaistíneach neamh-fhoréigneach.”

Mar a bhí Séamas Ó Neachtain: “Ba chóir dóibh glacadh le hIosrael mar stát. Ba chóir dóibh fáil réidh leis an bhforéigean agus leis an sceimhlitheoireacht. Ba chóir dóibh díriú ar a saol féin.”

Is dóigh go ndéarfadh Palaistínigh go bhfuil sé deacair díriú ar a saol féin faoi riail Iosrael agus le lonnaitheoirí ag gabháil a gcuid talún.

Ach cad a dhéanfadh siad dá mba rud é go raibh siad in áit na bPalaistíneach?

Arís, bhí Olga iontach díreach: “Dul ar imirce chuig tír Ioslamach.”

Níor thug sí freagra maidir le cad a ba chóir do Phalaistínigh Chríostaí a dhéanamh.

“Is deacair a rá,” a d’admhaigh Séamas.

“Dá mbeinnse in mo Phalaistíneach, is dócha nach mbeadh mórán eolais agam faoin saol mar atá, agus go mbeinn lán le fuath is nimh.

“Ach mar sin féin, ba léir dom nach mbeadh aon seans agam saol níb fhearr a dhéanamh gan cúrsaí a athrú.

“Bheinnse ag iarraidh baile nua a fháil i measc na nArabach eile, mar chreidfinn gurb iadsan mo bhráithre is mo chairde.

“Ach amháin, más in Iosrael a bheinn i mo chónaí. Bheinn sásta le mo shaol ansin, is dócha. Bheadh cearta agus seans agam.”

Chuir mé ceist maidir le ‘ceart troda na Palaistíneach’ i gcoinne fhorghabháil Iosrael – ní nach ionadh, níor aontaigh éinne go raibh a leithéid de cheart acu.

Ach cén fáth sin – cén difear eatarthu agus na Coirdínigh mar shampla?

“Níl na Coirdínigh ag iarraidh an Tuirc a mhilleadh ach is cuspóir é sin(“Iosrael a scriosadh as an léarscáil”) ag grúpaí sa Phalaistín,” a deir Ciarán Ó Raghallaigh.

“Is difear an-tábhachtach é sin.”

“Inimircigh Arabacha ba iad na Palaistínigh,” a mhaígh Olga.

“Go bhfios dom tá muintir na Cordastáine dúchasach d’oirdheisceart na Tuirce.”

Caithfidh mé soiléiriú a dhéanamh ag an phointe seo.

Cé nach staraí mé, cuireadh iachall orm an pointe seo a fhiosrú agus go bunúsach ní fíor é – sa mhéad is go léiríonn an stair go raibh Giúdaigh ann sa Phalaistín, mar a bhíodh, sna 1800í ach ba mhionlach bídeach iad.

Bhí mórchuid de mhuintir na críche ina nArabaigh – chun neamhaird a dhéanamh ar chúrsaí treibhe.

Bhí an chuid is mó acu sin ina Moslamaigh.

Ach léiríonn caint Chiaráin cuid den chastacht maidir le déimeagrafaíocht: “Creideann a lán daoine gur tháinig muintir Iosrael as an Eoraip, mar mharthanóirí an Uileloiscthe.

“Ach, i ndáiríre, tháinig a lán dídeanaithe ó thíortha Arabacha freisin.

“Bhí siad ag teitheadh ó fhoréigean agus idirdhealú fríth-Ghiúdach sna tíortha sin agus tá ceart acu (agus a bpáistí) a bheith ina gcónaí in áit éigin, cosúil le gach duine eile.

“’Giúdaigh, téigh go dtí an Phalaistín!’ a deir na sluaite Arabacha.

“Na Giúdaigh a bhí ina gcónaí san Éigipt, sa tSiria, san Iaráic agus srl ar feadh na mílte bliain, tá siad sa Phalaistín anois, ach níl na sluaite Arabacha sásta fós.”

“Is é an difríocht is mó idir chúis na Palaistíne agus daoine eile ná go bhfuil na Palaistínigh ag diúltú conarthaí síochána arís agus arís eile,” a deir Eiméid.

Déarfadh lucht tacaíochta na Palaistíne nach raibh na conartha síochána sin inghlactha do dhuine ar bith ar ndóigh agus gur lean Iosrael léi ag tógáil lonnaíochtaí cibé ar bith.

“Níl aon chosúlacht leis na Coirdínigh,” dar le Séamas, “mar ní raibh pobal Palaistíneach ann riamh sular bunaíodh stát Iosrael.”

“Níor cumadh a leithéid ach le seasamh in aghaidh na nGiúdach,” a mhaíonn Séamas.

Arís, déarfadh na Palaistínigh go seasann siad ar son a gcuid cearta féin seachas maireachtáil díreach ar son seasamh i gcoinne na nGiúdach.

Is í an chomhairle atá ag Eiméid Ó Fathaigh do na Palaistínigh ná éirí as an “fhrithbheartaíocht nihilíoch" agus filleadh ar phrionsabail Chomhaontaithe Osló.

Cáintear na comhaontaithe sin go forleathan ar an ábhar gur cuireadh cosc ar Phalaistínigh a bheith ina gcónaí i 60% den Bhruach Thiar gan trácht ar fhilleadh chuig Iosrael ‘mar is ceart’.

Síolraíonn cuid mhaith den tacaíocht a fhaigheann Iosrael ón “bhagairt eiseach” atá in aghaidh Iosrael i gcónaí dar le hEiméid.

“Tá an ceart ag duine ar bith iad féin a chosaint,” a deir sé, “ach is cosúil go bhfuil lucht tacaíochta na Palaistíne aineolach ar an sprioc níos leithne – scrios iomlán ar Iosrael.

Deir Eiméid gurb é réiteach na faidhbe sa ghearrthréimhse ná go gcuirfeadh na Palaistínigh deireadh leis an chogaíocht.

“Bheadh ionadaithe na Palaistíne i Meiriceá agus san Eoraip ansin in ann a rá, ‘Féach – is féidir linn stát síochánta a reáchtáil gan aon bhagairt ar Iosrael nó ar an Iarthar’.”

Seasamh na nGael

D’aontaigh gach duine ar labhair mé leo go dtacaíonn mórchuid de na Gaeilgeoirí ar an saol seo leis na Palaistínigh.

“Cuirim an milleán ar na meáin,” a deir Ciarán.

“Ní fhaigheann na daoine dada ach cuid den scéal.

“Mar shampla, faighimid tuarascáil ar ionsaí Iosrael ar Gaza ach ní luann aonduine an t-ionsaí ó Gaza a tharla roimh an fhreagairt ón Iosrael.”

Is gá a lua go gcuireann lucht tacaíochta na Palaistíne a mhalairt de réamhchlaonadh i leith na meán.

Aontaíonn Séamas, “Bíonn an chuid is mó de Ghaeilgeoirí ar an idirlíon agus sna meáin in éadan Iosrael, faraor.

“Ach sin mar a fhaightear lucht na heite clé, agus na radacaigh eile, den chuid is mó.

“Is iomaí duine ciúin atá ann a fhéachann ar chúrsaí ar nós difriúil.

“Is dócha go bhfuil sé ar nós cuma liom ag an móramh. Mar ba chóir. Cén bhaint ag an scéal le saol an ghnáth-Éireannaigh?”

Tarraingíonn an pointe seo an cheist: “Cén bhaint ag an scéal le saol an Ghael-Mheiriceánaigh?”

Thug Olga Corbett freagra gonta ar an cheist ag cur in iúl gur “Sóisialaithe Marxacha” an chuid is mó acu sin a thacaíonn leis an Phalaistín, ag tacú le teoiric Shéamuis.

Aontaíonn Eiméid le Ciarán agus le Séamas araon sa mhéad is go gcreideann sé go bhfuil an choimhlint á cur i láthair go haontaobhach ag na meáin.

“Tá comhghaol idir a bheith frith-Mheiriceánach agus a bheith frith-Iosrael de ghnáth,” a deir Eiméid.

“Mar sin féin,” a deir sé, cé go bhfuil sé “ina chara le hIosrael”, “ní chiallaíonn sé sin go bhfuil mé nó aon duine eile ina namhaid leis na Palaistínigh.”

“Ní maith liom gníomhartha na ngrúpaí frith-Iosraelacha, na daoine a éilíonn ‘baghcat, dí-infheistiú agus smachtbhannaí’,” a deir Ciarán ag cur in iúl nach bhfuil na taicticí seo éifeachtach.

“Is é an t-aon toradh air ná go bhfuil dearcadh Iosrael níos náisiúnaí agus neamhghéilliúla.”

Luadh an pointe sin arís agus arís eile liom agus mé ag scríobh an ailt seo.

Cad a ba chóir d’Iosrael a dhéanamh chun í féin a chosaint amach anseo?

“Is dócha go bhfuil siad á ndéanamh cheana, den chuid is mó,” a deir Séamas.

“Ba chóir dóibh cairde iontaofa a chothú. Is olc an scéal é nach mbíonn na Stáit Aontaithe iontaofa faoi Obama. Ach tá tíortha eile ann a bheadh cabhrach, fiú tíortha Arabacha.

“Agus ní mór dóibh a bhfórsaí armtha a choimeád chomh láidir agus is féidir.

“Agus ní mór dóibh i gcónaí tabhairt faoi lucht na mbréag, agus iad a náiriú.”

Ach níl cúrsaí chomh simplí sin dar le hEiméid, deir sé go raibh gach taobh ina n-ionsaitheoir sa choimhlint seo agus gur fhulaing an dá thaobh mar gheall ar fhoréigean.

Deir Ciarán: “Ba chóir dóibh Oirthear Iarúsailéim a choimeád faoi smacht Iosraelach ach ní aontaím leis an tógáil tithe ar thalamh nach mbaineann le hIosrael.”

Déarfadh náisiúntóirí Iosrael go mbaineann ach orlach idir an Abhainn agus an Mhuir leo áfach – agus níos mó fiú i gcásanna áirithe.

“Ní mór go mbeadh comhaontú (le hathrú teorainneacha, b’fhéidir, chun aghaidh a thabhairt ar réimsí leochaileacha Iosrael).

“Tá stát ag teastáil ón Phalaistín, tá síocháin agus slándáil ag teastáil ó Stát Iosrael. Is féidir leis an chomhphobal idirnáisiúnta na riachtanais go léir a chomhlíonadh.”

Tá go leor tráchtairí den tuairim nach bhfuil go leor talaimh fágtha chun Stát Palaistíneach a bhunú áfach agus tá go leor airí i rialtas Iosrael dubh ina choinne.

Iosrael / An Phalaistín sa todhchaí?

“An chuid is mó de dhaoine ciallmhara, feictear dóibh gurb é an bealach deiridh amach as an choimhlint ná an réiteach ‘dhá stáit’,” dar le hEiméid.

“B’fhéidir, ag feidhmiú i gcónaidhm, le cearta agus cosaintí comhionannais do gach saoránach.”

“I ndeireadh na dála, dhá náisiún neamhspleácha ag obair agus ag comhoibriú le chéile, dea-shampla a bheadh ansin sa Mheánoirthear,” a deir Ciarán Ó Raghallaigh.

“Tá a fhios againn go léir cad a bheadh mar shocraíocht; teorainneacha a bheag nó a mhór ag teacht le socraíocht 1967 agus rochtain ag cách ar gach suíomh creidimh,” a mhaíonn Eiméid.

Déarfadh Iosrael go bhfuil “an réaltacht ar an talamh athraithe áfach” agus ní dócha go gcúlódh Iosrael taobh thiar de na teorainneacha sin arís.

“Dá mbeadh na Palaistínigh sásta an troid a chur ar ceal, bheadh síocháin ann. Sin a bhfuil,” a deir Séamas.

“Ach ní dóigh liom go ndéanfaidh siad amhlaidh.”

Dar ndóigh, déarfadh lucht tacaíochta na Palaistíne nach dócha go stopfadh Iosrael ag tógáil lonnaíochtaí fiú sa chás sin gan trácht ar na lonnaíochtaí atá ann a scor.

Déarfadh siad fosta, cé go bhfuil foréigean ann, go bhfuil sé ag teacht ón dá thaobh agus nach bhfuil aon ‘Intifada’ nó éirí amach ar bun acu i láthair na huaire.

Ach ní fheiceann Séamas go bhfuil aon chúis nó ceart ag na hArabaigh.

“Tá siad ann ar chúis amháin, agus sin chun Iosrael a scriosadh,” a deir sé.

“Níl suim dá laghad acu sa tsíocháin.”

Arís déarfadh fiú anailíseoirí neamhspleácha nach bhfuil mórán spéise ag Iosrael sa ‘tsíocháin’ ach an oiread.

“Agus seachas sin, nó deireadh [leis na hArabaigh sa Phalaistín] mar phobal ar leith,” a mhaíonn Séamas, “ní thiocfaidh aon fheabhas ar chúrsaí ann.”

Close
Close