Feachtas ar bun ag mic léinn DCU i gcoinne ordú díbeartha Shepherd Machaya

Tá feachtas ar bun ag mic léinn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun tabhairt ar an Aire Dlí Charlie Flanagan an t-ordú díbeartha i gcoinne mac léinn ón ollscoil, Shepherd Machaya, a chur ar ceal.

Tá Shepherd sa dara bliain agus é ag déanamh staidéar ar Bhainistíocht Teicneolaíochta agus Córais Faisnéise.

Bhí Shepherd ar dhuine den chéad dream le scoláireacht ‘Sanctuary’ a fháil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, scoláireacht a bunaíodh go speisialta le deis a thabhairt do theifigh agus lucht iarrtha tearmainn dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.

Tháinig Shepherd go hÉirinn 9 mbliana ó shin i ndiaidh dó teitheadh ón tSiombáib.

Tá 9 mbliana caite ag Shepherd sa chóras soláthair dhírigh sa tír seo, agus tá cónaí air i dtearmann dídine i bPort Laoise.

D’eagraigh Aontas na Mac Léinn san ollscoil léirisiú taobh amuigh d'fhoirgnimh de chuid an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i lár Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite le haird an phobal a dhíriú ar scéal Shepherd.

Close
Close