Dr Kerron Ó Luain
D’ardaigh praghas na dtithe agus na n-árasán sna Sé Chontae Fichead 14.4% le linn 2021. Agus sa chéad ráithe den bhliain 2022 d’ardaigh siad ar ráta de thart ar 8%. An leithscéal a bhí ag an rialtas de bharr an bhoilscithe seo trátha na paindéime ná gur chuir an dianghlasáil moill ar an ráta go bhféadfadh tógálaithe dul i mbun oibre le linn 2020. An teachtaireacht a bhí ann ná go dtiocfadh plateau ar an mboilsciú nuair a thosódh na crainn tógála ag corraí arís agus nuair a bheadh na sluaite den lucht tógála ar ais ar na suíomhanna.
Tugadh cead pleanála do bheagnach 43,000 aonad tithíochta le linn 2021. Rinne an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, lainseáil ar a phlean Homes for All i bhfómhar na bliana céanna. D’fhógair sé go dtógfaí thart ar 30,000 tithe nua in aghaidh na bliana agus go sásódh sé sin “an t-éileamh”
Mar sin, agus na tithe uilig seo á dtógáil le linn 2021, agus tuilleadh cinn á dtógáil i gcéad ráithe na bliana seo (níl figiúirí ar fáil go dtí seo, go bhfios dom), cén fáth go bhfuil ardú leanúnach ar phraghas na dtithe, ardú as cuimse?
Ar an gcéad dul síos, meastar go bhfuil thart ar leathmhilliúin duine sa stát gan dídean cheart – 500,000 duine. Áirítear na bochtáin a fhulaingíonn ar shráideanna cathracha agus bailte an stáit san fhigiúr sin, thart ar 10,000 duine. Ach, tá 490,000 duine eile atá ag maireachtáil i dtithe ar cíos gan aon chinnteacht ag baint leo, nó tá siad fásta agus iad sna fichidí agus tríochaidí agus iad fós sa bhaile. Le linn na paindéime d’éirigh le sciar maith de na daoine sin airgead iarlais tí a shábháil, rud a chruthaigh éileamh ollmhór ar an líon beag de thithe atá ar díol sa mhargadh.
Ach ní hé sin iomlán an scéil. As na tithe nua a tugadh cead pleanála dóibh le linn 2021 beidh an tromlach á ndíol isteach sa mhargadh príobháideach. Cruthaíonn sin dhá fhadhb – cuireann sé leis an mbáiní atá sa mhargadh cheana agus tugann sin an deis do na forbróirí an praghas a ardú, agus, an tarna rud ná go dtugtar deis do na creach-chistí na haonaid a alpadh suas. Mar a thuairisc alt san Irish Times an mhí seo caite, tugadh cead pleanála do 26,000 árasáin agus mar a bhaineann sé leis an bhfigiúir sin “nearly 19,000 of these permissions were earmarked for Dublin, where foreign investors have flooded into the capital’s private rented sector market to avail of comparatively strong returns”. Fiú ag leibhéal na gComhairlí Contae nuair a thógtar eastát nó bloc árasán nua bíonn céatadán i bhfad ró-íseal ag dul mar thithíocht sóisialta agus slogtar go leor de na haonaid – fiú cinn a tógadh ar thalamh poiblí! – ar ais isteach sa mhargadh príobháideach, rud a chuireann na praghsanna in airde arís.
I mbeagán focal, níl fáil ag an ngnáthdhuine ar na tithe atá á dtógáil. Tá an soláthar tithíochta á choimeád ag leibhéal an-íseal ag an rialtas agus é i lámha na bhforbróirí agus na gcreach-chistí. Is dual dóibhsean an soláthar a choimeád íseal, mar is féidir leo praghsanna áiféiseacha a ghearradh ar thithe – agus is féidir linn an rud céanna a rá faoi na gníomhairí eastáit, na tiarnaí talún, na dlíodóirí agus gach éinne atá ag baint brabúis ón gcóras ainnise seo.
Caithfear an bhéim i soláthar tithíochta a bhaint ó na forbróirí príobháideacha agus dualgas a chur ar an stát an fhadhb a réiteach. Tá sé chomh lom agus chomh simplí leis sin. Is léir don dall anois (bhuel, seachas lucht Fhianna Fáil, Fhine Gael agus na nGlasach) go bhfuil teipthe go hiomlán ar an margadh príobháideach tithe a sholáthar do shaoránaigh. Tá glúin daoine óga ag fanacht ar athrú éigin teacht. Táthar ag súil go dtiocfaidh an t-athrú sin ó Shinn Féin, atá anois go bunúsach faoi réir mar an gcéad rialtas eile. Ach, má dhéantar scagadh ar pholasaí tithíochta Shinn Féin, ní ann don ghníomh radacach atá de dhíth chun cumhacht an mhargaidh phríobháidigh a bhriseadh. Tá an modh soláthair mar an gcéanna – go mbeimis ag brath ar na forbróirí – cé go bhfuil 10,000 tithe níos mó á ngeallúint. D’fhéadfaí a rá fiú, ó thaobh na staire de, nach bhfuil plean Shinn Féin chomh radacach is a bhí plean Fhianna Fáil sna caogaidí mar shampla nuair a tógadh na deicheanna de mhílte de thithe poiblí i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath agus cuireadh deireadh, nach mór, le géarchéim tithíochta na linne sin.
Tá dualgas ar dhaoine – daoine óga ach go háirithe – a bheith ag éileamh agus gníomhú ar son na tithíochta poiblí ón mbun aníos. Is é sin go n-éileoidís go mbeadh comhlacht stáit i mbun tógáil tithe (rud a chruthódh na mílte post) agus go bhfanfadh na tithe sin i seilbh an stáit go buan nuair a thógfar iad, rud a bhainfeadh an chumhacht ó na forbróirí agus na tiarnaí talún. D’fhéadfaí na hoibrithe céanna a chur ag obair ar na mílte tithe tréigthe sa chóras chomh maith. Ach caithfear dúshlán “cearta sealúchais” lucht an rachmais a thabhairt ar dtús.
Bearta móra radacacha atá de dhíth, seachas sop in áit na scuaibe. Níl aon bhealach eile as an tsáinn ina bhfuil an leathmhilliún duine gan dídean a luadh cheana, mar is léir ón stair.