ERCA - Eagla Roimh Chailleadh Amach

Michaeline Donnelly

Tá mé ag dul ar thuras inniu.

Turas a bhfuil mé ag smaoineamh air le trí bliana nó níos mó.

Tá mé ar bís ar fad.

Ach tá mothúchán eile agam ar chúl m’intinne chomh maith: FOMO / ERCA nó Eagla Roimh Chailleadh Amach ar Chluiche Ceannais Uladh.

Is iomaí lá agam i gCluain Eois roimhe seo, mar sin níl mé cinnte cad é go díreach a mbeinn ag cailleadh, ach go fóill féin tá mé cráite ag an diabhal FOMO.

Thosaigh sé amach mar mhagadh idir mé féin agus cara de mo chuid is muid ag freastal ar Oireachtas na Samhna.

Ar ndóigh, bhí muid ag iarraidh a bheith ag gach comórtas, seimineár, seisiún, turas, dráma agus gach rud eile a bhí ag dul.

Ach, ní thig leat freastal ar an dá thrá.

Ó shin i leith agus go háirithe le cúpla mí anuas, mothaím go bhfuil an Eagla ag fáil an lámh in uachtar orm go minic, agus gur cineál imní nó anxiety atá ann anois nach bhfuil mé in ann á ruaigeadh.

Cúpla seachtain ó shin, mar shampla, bhí mé ag ceolchoirm Beyoncé agus ag siopadóireacht le haghaidh gúnaí bainise, agus dar ndóigh, bhain mé an-sult as an dá rud, ag caitheamh ama le cuid de na daoine is fearr liom, ach go fóill féin, bhí mé ag smaoineamh ar an chúrsa a raibh mé in ainm is a bheith ag freastal air, ag smaoineamh ar San Francisco, áit a raibh mo mháthair ar laethanta saoire, agus bhí mé in éad le daoine a bhí ag ceolchoirm eile a bhí ar siúl an oíche chéanna.

Níl srian ar bith ar an Eagla is cosúil!

Tuigim go rímhaith gur #FirstWorldProblem í an Eagla seo.

Agus ní hé nach bhfuil saol maith agam.

Tá saol ar dóigh agam (i bhfad rómhaith in amanna) agus tá mé iontach buíoch ar fad as sin.

Uaireanta mothaím go bhfuil rud éigin cearr liom, amháil is nach dtig liom a bheith sásta is cuma cibé rud atá ar siúl agam.

Ach níl mé cinnte an í sin an fhadhb ach oiread.

Mothaím lúcháir an tsaoil orm go mion minic.

Cá bhfios!

Bhí nóiméad solais agam ar maidin nuair a chuardaigh mé FOMO ar bhlag síceolaíochta a léim go minic.

Tháinig mé ar thart ar 10 n-alt agus luaigh gach uile cheann acu na meáin shóisialta agus an dlúthbhaint idir an dá rud.

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag caitheamh níos mó ama ar na meáin shóisialta anois ná mar a bhíodh agus níl aon dabht agam go bhfuil siad ag ceangailte.

Rinneadh staidéar acadúil ar an Eagla, agus tugadh sáinmhiniú uirthi mar seo: ‘eagla go bhfuil daoine eile ag baint sult as eispéiris i d’uireasa… ag iarraidh a bheith ceangailte i gcónaí lena bhfuil ar siúl ag daoine eile.’

Ach sílim féin gurb í an mhian seo le bheith de shíor ceangailte atá ag cruthú na ndeacrachtaí.

Nuair nach bhfuil mé ag amharc ar íomhánna agus físeáin ar Facebook, Instagram, Twitter nó Snapchat, níl mé ag smaoineamh ar a bhfuil ar siúl ag daoine eile, ach ag díriú isteach ar m’eispéireas féin.

Tá barúil agam fosta go bhfuil baint ag na rudaí móra atá ag titim amach ar fud na cruinne leis an fhadhb ar leibhéal éigin, ar nós go bhfuil deireadh ag teacht leis an domhan nó rud éigin, agus go bhfuil orm gach uile rud a bhrú isteach sula dtarlaíonn sé.

Amaideach is dócha!

Tá sé beartaithe agam anois blackout a dhéanamh ar na meáin shóisialta don turas ar fad, agus b’fhéidir machnamh a dhéanamh gach maidin le cur i gcuimhne dom a bheith i láthair mar is ceart an t-am ar fad.

Seachas sin ní thig liom smaoineamh ach ar réiteach amháin ar an fhadhb: ‘time turner’ ó Harry Potter a aimsiú a ligfidh dom a bheith in dhá áit ag aon am amháin!

Close
Close