Éadaí agus ionsaithe

Katie McGreal

Sula gcuirim aon éadaí orm ar maidin bíonn orm smaoineamh faoi na háiteanna a mbeidh mé, na daoine a fheicfidh mé agus faoin íomhá atá mé ag iarraidh a chruthú, sin é sin le rá an méid a deir m’éadaí fúm.

Mar bhean a d'fhás aníos i sochaí seo na patrarcachta, bhí mé agus tá mé i gcónaí airdeallach ar na héadaí atá á gcaitheamh agam. Níl mé ag iarraidh aird daoine a tharraingt orm féin ar eagla…

Tá an-chuid cainte ann faoi láthair faoi éadaí agus cead, agus cuirtear ceisteanna mar seo a leanas i leith éadaí na mban: má tá tú ag caitheamh fobhrístí ar leith an gciallaíonn sin go bhfuil tú ag iarraidh gnéas a bheith agat?

Mar a dúirt mé, bíonn neart smaointeoireachta taobh thiar de na héadaí a chaithim.

Mí na Nollag seo caite, chuir mé sciorta nua orm; síos go dtí an ghlúin, ní raibh sé róghearr a shíl mé féin.

Chuaigh mé go dtí an amharclann agus ar an mbealach abhaile rinne duine éigin iarracht mo mhála a ghoid.

Rug sé greim air agus mé ag siúl síos Sráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath. Bhí an mála timpeall orm agus bhí seisean ar rothar.

Lean sé air ag rothaíocht agus an mála ina lámh, agus tharraing sé síos an bóthar mé agus mé ar an talamh go dtí gur thuig sé nach raibh sé leis an mála a fháil agus lig sé dó, agus dom.

Bhí mé brúite agus ag cur fola ach bhí mé go fóill beo agus ní bhfuair sé mo mhála.

Chuaigh éadaí na hoíche sin isteach i gcúl an chófra agus rinne mé iarracht ligint orm féin nach raibh siad ann.

Bhí mé ag iarraidh an sciorta a chaitheamh roinnt uaireanta ina dhiaidn sin ach ní raibh mé in ann.

Fiú nuair a smaoinigh mé ar an sciorta, chuir sé an oíche sin i gcuimhne dom agus smaoinigh mé ar an bhfáth a ndearnadh ionsaí ormsa.

Chuir mé an locht ar an sciorta, i ngan fhios dom féin fiú, agus níor chaith mé an sciorta arís, go dtí an tOireachtas i mbliana – 10 mí i ndiaidh an ionsaithe.

Bheartaigh mé go raibh mé in ann é a chaitheamh ag an Oireachtas toisc go mbíonn daoine i gcónaí thart ort agus tú ann.

Bíonn sé deacair aon am saor a fháil ag an Oireachtas le bheith leat féin, agus sin an cineál cuideachta bhí uaim agus mé ag caitheamh an sciorta sin arís.

Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh deis ag éinne ionsaí a dhéanamh orm agus mé á chaitheamh.

Rinne mé an cinneadh é a ghlacadh liom an tseachtain roimh an Oireachtas.

An lá a chaith mé é bhí orm smaoineamh faoi cé chomh muiníneach is a bhí mé – an raibh mé in ann aige seo?

Thuig mé go gcuirfeadh sé an oíche sin i gcuimhne dom arís, go mbeinn airdeallach ar gach a bheadh thart orm agus mé á chaitheamh.

Chuaigh neart smaointeoireachta isteach sa chinneadh sin – cosúil le laethanta eile ach i bhfad níos mó an uair seo.

Mar bhean atá ag maireachtáil i sochaí phatrarcach, ní chuirim éadaí orm féin gan roinnt smaointeoireachta a dhéanamh roimh ré – go háirithe má chreidim go bhfuil an sciorta gearr, nó go bhfuil mo chíocha le feiceáil nó go bhfuil na héadaí gnéasach ar aon bhealach.

Mar léiriú ar leitheadúlacht na ceiste, tá an príomhfheidhmneannach san Ionad Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath ag iarraidh na dlíthe mar gheall ar chásanna éignithe a athrú, agus go sonrach an bealach a labhraítear faoi na héadaí a bhíonn á gcaitheamh ag íospartaigh sna cásanna sin.

Léargas láidir é sin ar an méid atá fós le hathrú sa tsochaí seo.

Close
Close