Le Cathal Ó Manacháin
Tá rudaí ag téamh suas i Stormont agus gan an toghchán ach cúpla seachtain ar shiúl. Ní as na coirí millíní adhmaid amháin atá an teas ag teacht áfach, ach ó na polaiteoirí agus ón lucht vótála fosta.
Is cosúil anois go raibh Arlene Foster ag iarraidh go dtosófaí ar íocaíochtaí a thabhairt do dhaoine a raibh na coirí millíní adhmaid suiteáilte acu sula mbeadh anailís déanta ag a roinn féin ar chostas na scéime.
Bhí Bean Foster ina hAire Comhshaoil ag an am, ar ndóigh, agus dúirt sí go raibh sí ag iarraidh "cinnteacht" a thabhairt don mhargadh, cé go raibh sé seo níos mó ná dhá bhliain sular seoladh an tionscadal go hoifigiúil. Ní hamháin sin, ach bhí sí ag iarraidh íocaíochtaí a shiardhátú go dtí Meán Fómhair 2010, nuair a eisíodh tuairisc faoin éileamh a bhí ar theas in-athnuaite.
An féidir gurb é sin an fáth ar thosaigh ár nArlene tine pholaitiúil faoi Acht na Gaeilge? Ar shíl sí go gclúdódh toit an Achta na meancóga nó níos measa, a rinne sí féin agus a roinn faoin Dreasacht um Theas In-athnuaite?
D'fhógair an t-iarChéad-Aire an tseachtain seo chuaigh thart, nach ngéillfeadh sí choíche d'Acht na Gaeilge. Níor chuir sé seo iontas ar aon duine, ar ndóigh. Tá náisiúnaithe agus Gaeilgeoirí ó thuaidh breá cleachta le diúltachas ón DUP.
Cé go raibh Acht na Gaeilge ar an tábla ag Comhaontú Chill Rìmhinn, is cosúil nár aontaigh an DUP leis ag an am. Gheall Rialtas Westminster, áfach, go raibh siadsan i bhfách leis ach níor sheas siad lena ngealltanas. Arís, níor chuir sé seo aon ionadh orthu siúd a bhfuil grá acu don Ghaeilge ach chuir agus cuireann sé a sáith bróin agus frustrachais orthu.
Ní náisiúnaithe amháin ach oiread iad siúd atá ag iarraidh Acht na Gaeilge. Tá go leor Aontachtaithe agus Dílseoirí anois a thuigeann gur leosan an Ghaeilge chomh maith agus atá ag freastal ar ranganna Gaeilge i mBéal Feirste go háirithe. Nuair a mhaslaigh Arlene Foster pobal na Gaeilge, ag tabhairt crogaill orthu, ba í a muintir féin a bhí á maslú aici chomh maith.
Má bheathaíonn tú crogall, pillfidh sé arís agus arís eile a iarraidh a thuilleadh, a mhaígh Foster. Ar ndóigh, is beag crogall fuarfhuilteach a dhiúltódh do shicín deas te, agus ní bheidh aon easpa sicíní teo sna sé chontae go ceann tamaill, a bhuí leis na coirí millíní adhmaid.
Níor ghlac Arlene Foster freagracht as an scannal a bhain le ‘deontas na gríosaí’. Níor ghlac sí freagracht ach oiread as a páirt i loiceadh Fheidhmeannas Stormont nuair a d’éirigh Martin McGuinness as. In ionad a leithscéal a ghabháil, rinne sí iarracht a lucht leanúna a shásamh agus seanliú catha diúltach an DUP “Ná géilltear!” á fhógairt aici.
Cé gur admhaigh Arlene Foster go raibh meancóga déanta aici agus go bhfuil sí buartha faoin dóigh ar tharla rudaí, tuigeann náisiúnaithe agus lucht labhartha na Gaeilge anois gur “deora crogaill” a bhí á gcaoineadh ag bean Lios na Scéithe. An cheist mhór, ar ndóigh, an gcreidfidh an lucht vótála ar 2 Márta go bhfuil sí buartha, nó an mbeidh fíordheora á sileadh ag an iarChéad-Aire i ndiaidh an toghcháin?