Dúshlán na Léitheoireachta Gaeilge

Dúshlán na Léitheoireachta Gaeilge
Leabhair mhóra
Leabhair mhóra

Katie McGreal

Is breá liom a bheith ag léamh. Ó go raibh mé an-óg bhí mé i gcónaí ag léamh. Ní raibh mórán suime agam a bheith ag rith timpeall na páirce nuair a bhí leabhar maith idir lámha agam.

Tháinig leabhar nua sa tsraith The Princess Diaries amach nuair a bhí mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh. Dúirt Mum liom nach raibh cead agam é a léamh go dtí go raibh na scrúduithe thart. Thóg sí uaim é. Chuaigh mé caol díreach go dtí an leabharlann agus fuair mé cóip eile dó. Léigh mé ar an traen chun na scoile é agus abhaile le linn na scrúduithe sin.

Bhí ar Dad an solas a mhúchadh orm nuair a chonaic sé go raibh mé go fóill á léamh tar éis mean oíche oíche éigin. Chuaigh mé isteach sa seomra folctha, chuir mé tuaille síos ag bun an dorais agus lean mé orm ag léamh.

Níor thosaigh mé ag léamh leabhair Ghaeilge go dtí go raibh mé san ollscoil, agus níor thosaigh mé á léamh i gceart, as mo stuaim féin, go dtí tar éis na hollscoile.

‘Tá an-chuid leabhar Gaeilge iontach amuigh ansin agus níl daoine ar an eolas fúthu,’ a deir Jack Ó Drisceoil a bhí mar urlabhraí thar ceann an fheachtais Leabhra Feabhra i mbliana, agus aontaím go hiomlán leis.

Is iad Anna Heussaff agus Proinsias Mac a’Bhaird na scríbhneoirí Gaeilge is fearr liom faoi láthair ach is beag duine a chuala trácht orthu nuair a luaim na hainmneacha leo.

B’ea i mbliana an darna bliain a ndearnadh ceiliúradh ar Leabhra Feabhra ar Lá Fhéile Bhríde. 1 Feabhra. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo ná an scéal faoi leabhair Ghaeilge a scaipeadh agus díolacháin ar leabhair Ghaeilge a ardú.

‘Sílim gur éirigh linn,’ a deir Jack.

Chuaigh Jack isteach sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath díreach roimh Lá Fhéile Bhríde anuraidh agus ní raibh mórán leabhar fágtha. Rinne sé an rud céanna i mbliana agus d’iarr sé ar an duine a bhí ag obair ann an raibh mórán éileamh ar na leabhair de bharr Leabhra Feabhra. Dúirt sí go raibh.

Ní raibh Jack ag labhairt le haon chomhlacht foilsitheoireachta ar bith ach nuair a d’fhogair siad an feachtas anuraidh, thosaigh na comhlachtaí ag cur lascaine ar fáil do chustaiméirí.

‘Léirigh sin gur thuig siad céard a bhí ar bun againn agus go raibh muid ar fad ag seasamh le chéile ag iarraidh an rud céanna a bhaint amach.’

Bhí An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus An Cheathrú Póilí i mBéal Feirste ar aon intinn mar gheall ar dhíolachán agus an feachtas. Dhíol siad beirt níos mó anuraidh ag teacht suas go Leabhra Feabhra ná gur dhíol siad i mbliana de bharr an fheachtais.

‘Bheadh muid níos ciúine gan an fheachtais, cinnte,’ a deir Cillian de Búrca ón Siopa Leabhar, ‘Ach deirfinn go raibh níos mó sceitimíní ar dhaoine roimh rud éigin úrnua anuraidh ná a bhí acu i mbliana.’

Bhí lascaine de 15% ar leabhair Ghaeilge in An Cheathrú Póilí ar feadh cúpla lá ag teacht suas go Lá Fhéile Bhríde.

‘Táim ag glacadh leis go mbeidh maoiniú curtha ar fáil do lucht an fheachtais an bhliain seo chugainn ó Fhoras na Gaeilge ionas gur féidir leo tuilleadh poiblíochta a dhéanamh do Leabhra Feabhra,’ a deir Cillian.

Close
Close