Cuirfidh snámh farraige beocht ionat!

Katie McGreal

Tá cuid mhór cainte ann na laethanta seo ar shnámh san fharraige agus in uiscí nádúrtha eile. Nuair a tháinig deireadh leis an gcéad dianghlasáil sa samhradh bhí na húdaráis i gcónaí ag moladh dúinn bualadh le daoine taobh amuigh leis an seans go scaipfí an víreas a laghdú. Bhí an chuid is mó d’áiseanna poiblí sa tír dúnta ag am amháin nó am eile le linn na bliana anuraidh de bharr Covid-19 agus bhí faitíos ar go leor againn roimh an víreas. Bhí orainn teacht aníos le bealaí eile le haclaíocht a dhéanamh agus le cúis a bheith againn an teach a fhágáil. Mar sin, thosaigh muid ag bualadh le chéile in áit ar bith a bhí taobh amuigh. Chas an-chuid againn le chéile ag tránna, ionaid snámha, cois abhann agus cois locha… agus is ann atá roinnt againn ó shin!

Thosaigh mé ag snámh le linn an tsamhraidh mar chuid de mheasúnacht ollscoile. Roghnaigh mé snámh san fharraige toisc go bhfuil cónaí orm cois cósta. Bhí mé ag iarraidh a bheith ag snámh san fharraige níos minice ó bhog mé go Gaillimh ach is cosúil go raibh mé ag fanacht ar phaindéim dhomhanda sular chuir mé tús ceart leis.  

I mí na Bealtaine thosaigh mé ag dul síos go Bóthar na Trá liom féin agus cúpla seachtain ina dhiaidh sin, chuir mé aithne ar dhaoine eile agus anois tá grúpa beag againn a théann ann uair sa tseachtain agus cuid againn níos minice ná sin. Is maith liom a bheith ann an chéad rud ar maidin leis an lá a thosú i gceart ach, muna féidir liom, tugann sé deis dom sos a thógáil le linn an lae agus, uaireanta, comhrá maith a bheith agam le comhluadar maith.  

Tá buntáistí fisiciúla agus buntáistí don intinn le fáil ón snámh farraige. Bíonn aidréanailín ag rith tríd an bhfuil agus tú san uisce fuar, rud a bhaineann d’aird ó phianta. Cabhraíonn an salann leis an gcloigeann a ghlanadh amach agus tá go leor mianraí le fáil in uisce na farraige freisin; sinc, iarann, potaisiam agus maignéisiam. Cabhraíonn siad ceathrar leis an gcraiceann a chosaint agus is leigheas agus mianraí frith-athlastacha iad. Tá maignéisiam tábhachtach dúinn toisc go gcabhraíonn sé chun an hormón struis, cortisol, a ísliú - bhíodh muid á fháil ó ghlasraí a fhásann sa talamh ach, den chuid is mó, níl mórán maignéisiam le fáil sa talamh anois.  Íslíonn sé seo an méid fadhbanna craicinn a d’fhéadfadh a bheith agat agus mothaíonn tú níos suaimhní go ginearálta. Uaireanta cabhraíonn uisce na farraige le fadhbanna craicinn ar nós eachma agus soiriáise. Cabhraíonn salann chun ocsaigin a scaipeadh san fhuil agus déanann sé treorú ar leibhéal an tsiúcra san fhuil chomh maith. Tá uisce na farraige lán le hiain dhiúltacha a ardaíonn an hormón sonais, séireatoinin, ionann, ar hormón é a ardaíonn ár spiorad agus a íslíonn an seans go mbeidh muid in ísle brí.    

Dom féin, is bealach maith é le bheith ag siúl cois fharraige cúpla uair sa tseachtain ar a laghad agus úsáidim é mar chleachtadh aireachais freisin. Go háirithe faoi láthair agus an t-uisce chomh fuar seo, ach fiú le linn an tsamhraidh agus mé ag dul i dtaithí air, bhíodh an t-uisce chomh fuar sin dom nach raibh mé in ann smaoineamh ar aon rud ach an fuacht agus na mothucháin ar fad a bhí ionam. Aon am a théim síos agus drochspionn orm tagaim amach as an uisce agus spionn níos fearr orm, nó dearmad déanta agam ar pé rud a bhí ag cur isteach orm.

An moladh is mó atá agam d’éinne atá ag smaoineamh ar thriail a bhaint as an snámh farraige ná gan mórán smaointeoireachta a dhéanamh air. Má smaoiníonn tú air barraíocht ní dhéanfaidh tú é! Agus an chéad mholadh eile ná gan aon rud sa bhreis a cheannach agus tú ag tosú amach. Níl uait ach gnáthchulaith shnámha agus tuaille agus b’fhéidir fleasc le haghaidh uisce té nó tae agus ar aghaidh leat. Ach thar aon ní eile, bí cuaramach. Tá cumhacht ag an bhfarraige nach mbeidh tuiscint againn uirthi riamh ach is féidir linn, agus ba cheart dúinn, meas a léirú uirthi i gcónaí.

Close
Close