Dónall Mac Giolla Chóill
Tá bliain ó shoin, i dtrátha an ama seo, bhí mé ag ullmhú do mo thuras bliantiúil ar Surrey Shasana, le Lá Fhéile Pádraig a chaitheamh i measc na nGall agus na gcoimhthíoch.
Seo nós a thoisigh mé cúpla bliain ó shoin, a dhul ar cuairt ar chol seisir liom thall ansin.
Má tá sé maith go leor d’aos pholaitiúil an oileáin seo, tá sé maith go leor domsa.
Is fada an lá ó shoin gur smaoinigh mé, dá mbeadh duine ag iarraidh coup d’état a reáchtáil in Éirinn, gurb é seachtain na Féile Pádraig an t-am is fearr lena dhéanamh mar go mbíonn maith agus móruaisle na hÉireann uilig thar lear, gan fágtha sa bhaile i bhfeighil an rialtais agus an stáit iomláin ach Aire Stáit gan aithne agus Uachtarán na hÉireann féin.
Mar sin de, seo mise ag pacáil mo mhála bhig agus sé lá beartaithe agam thall mar a bheadh mionpholaiteoir gan iomrá ann.
Is cuimhin liom blianta ó shoin nuair a bhí Charlie McCrevey ina Aire Airgeadais, nuair a bhí siad ag dáileadh na n-áiteanna le dul ar Lá Fhéile Pádraig, gur roghnaigh seisean Cheltenham.
Rogha chiallmhar go leor, de ghnáth bíonn níos mó Éireannach agus lucht gnó ag na rásaí ná mar a bhíonn ar thrá i mBalaí na hIndinéise.
Sular shroich mé mo cheann scríbe, bhí an chéad chás de COVID-19, an cineál úr seo coróinvíris, dearbhaithe acu sna Sé Chontae, agus go bunúsach is é stair 2020 é an chuid eile.
Chaith mise trí mhí de shaoire sé lá i mo shuí i ngairdín i Surrey, ag cur aiféala ar na hioraí glasa sna crainn, mo bholg nocht ag crú na gréine (stopfaidh mé ag an phointe seo, mar tá aiféala ar an eagarthóir, agus tá an fo-eagarthóir ar thóir seomra dorcha agus ceol suaimhneach leis an íomhá sin a ghlanadh óna chuimhne.)
Caithfidh mé a rá gur bhain mé féin sult as an chéad dianghlasáil, níorbh amhlaidh do mo chol séisir nó fear s’aige.
De réir dealraimh tá nós agamsa a bheidh ag srannfach san oíche.
De réir na dtuairiscí a fuair mé maidin i ndiaidh a chéile, choinnigh mé daoine múscailte leis an srannadh a bhí ar bun agam, agus b’iontaí leo a bhí sa seomra béal dorais nach raibh na comhársana thuas staighre i mbun gearráin mar gheall ar an truailliú fuaime a bhí ag teacht ó mo shrón.
Más fíor sin, bíodh. Níl neart agamsa ar aon rud a tharlaíonn agus mé i mo chodladh.
Déarfainn gur chuir sé fearthainn trí lá ó thús deireadh an tréimhse a chaith mé thall, sin trí lá i dtrí mhí. Bhí mé millte.
Déanann sé dhá lá tirim i ndiaidh a chéile in Éirinn agus bhíonn srianta uisce curtha i bhfeidhm. Trí lá as a chéile, bhuel bíonn éigeandáil fógartha ar fud an oileáin.
Is beag seachtain dá ndeachaigh thart nach raibh mé ag léamh postáil ar líne, ó dhaoine sa bhaile i dTír Chonaill ag déanamh cur síos ar fhadhbanna uisce ar fud na dtrí pharóiste, is é sin Cloich Cheann Fhaola, Gaoth Dobhair agus na Rossan.
Ba mhinic mé buartha fá na daoine muinteartha i Mín an Chladaigh, Mín Lárach, Machaire Rabhartaigh agus na hArdaí Beaga taobh thiar de Ghort an Choirce.
Ba mhinic iadsan fágtha gan uisce, muintir Faoi Chnoc chomh maith, agus na daoine bochta sin fá Bhun an Leaca.
Ach saoithiúil go leor is beag mo bhuaireamh faoi mhuintir Bhun an Leaca, mar gur mhothaigh mé ariamh nach raibh mórán úsáide acu le huisce.
D’fhill mé ‘na bhaile anseo go Béal Feirste agus rinneadh maolú ar an dianghlasáil, agus ansin cuireadh srianta géara eile i bhfeidhm, agus ansin scaoileadh na srianta sin agus ansin cuireadh tuilleadh srianta… agus ansin rinneadh… agus ansin!
Ní bheadh a fhios seo agat, ach tá cúpla seachtain ó shoin, chaith mise leath lae iomlán ag meas gur an Luan a bhí ann, go dtí gur mhothaigh mé nach nós don BBC Songs of Praise a chraoladh tráthnóna Dé Luain.
Bhí mé, agus bím go minic, lá chun tosaigh orm féin.
Nuair a d’fhógair an Feidhmeannas thuas anseo go mbeadh ar eischeadúnais druidim ag a hocht a chlog, chuir mise scairt ar mo chol seisir agus drochspion amach is amach orm.
“Tá seo scannalach, scannalach a deirim,” a dúirt mé, “Cearta daonna, agus sibhialta! Cad fúthu sin…?”
“Beidh tú go breá,” arsa eisean, “beidh ort éirí níos luaithe sa lá, sin a bhfuil de.”
Go minic, mothaím gurb iad sin is cóngaraí do do chroí atá ábalta a bhriseadh go furasta.
Anois agus daoine ag fáil vacsaíne, agus go leor daoine ag cloí leis na rialacha, agus ag caitheamh mascanna, tá an chuma ar an scéal go mbeidh rudaí ag bisiú faoi lár an tsamhraidh.
Bhuel, tá an dóchas ann ar a laghad go mbeidh, agus ag an phointe seo, cá bhfíos?
Ní bheidh mise i mbliana i mo shuí i Ganley’s Bar i Morden ar Lá Féile Pádraig ag éisteacht le cúpla céad duine ó Surrey a bhfuil gaol acu le hÉirinn ag canadh The Fields of Athenry, agus iad uile ag caitheamh éadaí glasa. Ní bheidh duine ar bith ag bagairt pionta Guinness a bhrú orm, bíodh sé dubh nó glas.
Beidh mé sa bhaile, anseo i mBéal Feirste, ag cronú comhluadair agus cuideachta, ach ag smaoineamh ar an am amach anseo, an lá geal údaí, atá ag bun na spéire, nuair a bheas rudaí chomh holc agus chomh leadránach is a bhíodh in 2017-2018 agus 2019 fiú.
B’fhearr liom i bhfad an leadrán a bhain leis an aimsir chaite, ná mar a bhaineann, mar a dúirt an file Cathal Ó Searcaigh tráth, leis ‘An tAm Marfach ina Mairimid’.