Eoin Ó Murchú
Táimid fós gafa leis an díospóireacht faoin mBreatimeacht, ach le Boris Johnson ar tí a bheith ina cheannaire ar an bPáirtí Caomhach agus ina Phríomhaire ar rialtas na Breataine, tá sé deacair a shamhlú nach mbeidh Brexit gan Mhargadh ann, agus, dá réir, an teorainn chrua a bhíothas ag iarraidh a sheachaint.
Le linn an fheachtais, agus ina dhiaidh, bhí gach páirtí – DUP, Sinn Féin, rialtas na hÉireann, rialtas Westminster – ag rá nár theastaigh teorainn chrua uatha. Ach tá teorainn chrua i ndán dúinn anois. Céard a bhí cearr?
Ó thaobh Shinn Féin de, mheas lucht straitéise an pháirtí go bhféadfadh an feachtas Breatimeachta na hAontachtóirí a scoilteadh toisc, dar le Sinn Féin, go raibh sé ag teacht salach ar leas eacnamúil lucht gnó is lucht feirmeóireachta Aontachtach araon.
Is é sin go mbeadh líon substaintiúil Aontachtóirí ann arbh fhearr leo dul isteach in Éirinn Aontaithe agus fanacht leis an AE ná cloí le Sasana taobh amuigh den Aontas Eorpach.
Táid ann, b’fhéidir, agus tá an cruthúnas sin le tabhairt faoi deara sa vóta a fuair an Alliance agus fiú na Glasaigh ó thuaidh. Ach níl an DUP ag cailliúint an oiread sin vótaí i ndáiríre.
Níos tábhachtaí tá cárta fíor-láidir ag an DUP sa mhéid is go bhfuil an rialtas Caomhach i Westminster ag brath ar thacaíocht an DUP le fanacht in oifig. Fiú mura mbeadh an rialtas sin fábharach don Aontachtachas in Éirinn, ní fhéadfaidís droim láimhe a thabhairt d'éilimh an DUP.
Murach sin tá seans maith ann go dtréigfeadh Westminster na hAontachtóirí agus tacú le teorainn eacnamúil a chur sa bhfarraige, ach ní mar sin a d'fhéadfadh sé a bheith agus an chumhacht pholaitiúil ag an DUP.
Gan dabht íocfaidh siad go géar as sin sa todhchaí.
Níl aon mheas ag aicme pholaitiúil Shasana ar Éirinn nó ar Éireannaigh, agus ní mhaithfidh siad go bhfuil féidearthachtaí solúbthachta curtha ar ceal mar gheall ar pholaitíocht na hÉireann.
Agus ní mór don DUP ach go háirithe a bheith san airdeall roimh Boris Johnson mar cuirfidh seisean a leas polaitiúil féin roimh aon leas eile. Má oireann sé dó, díolfaidh sé amach iad gan athmhachnamh ar bith.
Faoi láthair is léir nach mbeidh aon chomhaontú imeachta ann agus an cúlstad mar chuid de. Bhí an cúlstad céanna in ainm’s a bheith ag cinntiú nach mbeidh teorainn chrua ann, ach a mhalairt atá mar thoradh air.
Mar tá an tAontas Eorpach ag rá go poiblí anois, agus rialtas Bhaile Átha Cliath ag géilleadh dóibh, go gcaithfidh an Eoraip – agus na 26 Chontae d’Eirinn – an teorainn chrua a chur ann ar mhaithe le sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint.
Ní hamháin sin, ach buailfidh Brexit gan mhargadh go géar ar eacnamaiocht an Deiscirt, go háirithe in earnáil an bhia agus na mairteola.
Measann rialtas Bhaile Átha Cliath féin go gcaillfidh an eacnamaíocht €30 billiún thar 5 bliana dá réir. Agus beidh se níos measa má ghlactar leis an socrú trádála atá beartaithe le Meiriceá Theas.
Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, bhí leas faoi leith ag an gcúlstad agus an ard-chaint mhorálta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta: tá sé le feiceáil go bhfuil praghas ard le híoc ag aon tír a imeoidh ón Aontas.
Ach cén mhaith dúinn cúlstad a thabharfaidh dúinn a mhalairt de thoradh ón gceann a bhí uainn? An féidir aon leigheas a fháil ar an scéal anois?
Dá mbeadh teorainn ama, abair, ag baint leis an gcúlstad, bheadh seans láidir ann an margadh a dhéanamh: cruthú teorann a chur siar, fadhbanna trádála a chur ar an méar fhada. Ach an bhfuil an spás polaitiuil ag rialtas na hÉireann glacadh lena leithéid?
Ach b’fhéidir go bhféadfaí athrú ar an margadh a cheangal le geallúint go mbeidh reifreann ann faoi athaontú na hÉireann?
Is é sin, mura mbeadh socrú trádála is polaitiúil ann a d’oirfeadh don Tuaisceart, go mbeadh deis chinnte ansin do mhuintir an Tuaiscirt vótáil faoi Athaontú na hÉireann, i gcómhtheacs, b’fhéidir, ina mbeadh athraithe daonáirimh ann a laghdódh cumhacht na nAontachtóirí a thuilleadh.
Ach is cosúil go bhfuil náisiúntóirí na hÉireann gafa ag an straitéis teipthe reatha, Sinn Féin agus an rialtas, agus níl éinne ann atá sásta athrú cúrsa a chur chun cinn.
Tiocfaidh an tAontas Eorpach go maith as, mar beidh drogal ar stáit eile iarracht a dhéanamh imeacht, ach íocfaidh muide in Éirinn go géar as go heacnamúil is go polaitiúil.
Bhí an straitéis ar ghlac muid léi i dtaobh na hidirbheartaiochta fealltach ón tús, agus ní hionadh ar bith é go bhfuil toradh fealltach againn anois chomh maith.