Katie McGreal
Ní duine mé a bhíodh ag caitheamh mórán smididh riamh ach an samhradh seo caite, tháinig mé ar uachtar darb ainm Perfecting Cream sa siopa L’Occtaine.
Táirge é seo atá dírithe ar mhná agus de réir an lipéid ceartaíonn sé d’aghaidh nuair a úsáideann tú é. ‘Ceartaíonn sé’, amhail is go bhfuil rud éigin cearr leis.
D’athraigh mo mheon i leith comhlachtaí smididh agus táirgí áilleachta ón lá sin ar aghaidh.
Thuig mé roimhe go raibh na comhlachtaí seo ag iarraidh go mbeadh muid ag smaoineamh go raibh orainn na táirgí seo a cheannach. Bhí ar na comhlachtaí cinnte a dhéanamh de nach mothaíonn muid maith go leor gan a dtáirgí a úsáid ach ba é ‘an t-uachtar foirfithe’ sin an chéad uair a chonaic mé an mhargaíocht chomh soiléir sin.
Tá an chuid is mó de na táirgí seo dírithe ar mhná, ach ní iad ar fad. Is margadh ar leith é smideadh agus an aidhm atá ag na comhlachtaí seo – comhlachtaí cosúil le MAC, L’Occtaine, Clinique, Benefit agus na céadta eile – ná táirgí a dhíol le mná, táirgí a athraíonn a n-aghaidh, a chlúdaíonn rudaí nach bhfuil foirfe orthu, a chuireann feabhas orthu.
Más sin an teachtaireacht atá acu dúinn, tá siad ag rá linn nach bhfuil muid maith go leor mar atáimid. Tá siad ag insint dúinn go gcaithfimid rudaí a athrú fúinn féin agus ansin go mbeidh cuma cheart orainn, beidh muid in ann dul amach go poiblí agus muinín a bheith againn asainn féin.
Níl mé ag rá nár cheart duit smideadh a chaitheamh. Tá mé ag iarraidh na smaointe seo a scaipeadh le gur féidir linn machnamh a dhéanamh orthu. An rud is fearr do na comhlachtaí seo ná nuair nach mbíonn muid ag ceistiú aon rud. B’fhearr leo i bhfad dá nglacfadh muid leis na mainicíní atá acu mar ghnáthdhaoine. B’fhearr leo muid gan iad a cheistiú agus dá nglacfadh muid leis na táirgí atá á ndíol acu mar rud atá ag teastáil uainn, toisc nach mbreathnaíonn ár málaí foirfe nuair a dhúisíonn muid ar maidin.
Chaith mé smideadh trí huaire ón samhradh seo caite. Chaith mé é agus mé ag freastal ar dhá bhainis agus uair amháin nuair a bhí mé ag mothú go holc. Seachas sin, bheartaigh mé gan é a chaitheamh mar ní chreidim nach bhfuil cuma bhreá orm gan é agus tá mé feargach le comhlacht ar bith atá ag iarraidh aon rud eile a rá liom.
Sin ráite, cé go raibh a fhios agam nach raibh mé ag caitheamh smididh níl mé i ndiaidh aon chuid atá agam a chaitheamh amach. Tá sé agam ar eagla go mbeidh mé ag mothú go holc mar a bhí mé an lá úd nuair a chaith mé é. Níl mé muiníneach go leor go fóill fáil réidh leis ar fad agus ní haon iontas é sin agus muid ag maireachtáil i sochaí a deir linn i rith an ama nach bhfuil cuma bhreá orainn mar atáimid, i sochaí a chruthaigh scagairí atá le cur ar gach cineál pictiúir a ghlacann muid mar thacaíocht éigin, i sochaí a deir linn go minic nach bhfuil muid maith go leor mar atáimid. Tá sé doiligh dul i gcoinne na sochaí sin agus dul i gcoinne an ‘ghnáthruda’ ach nuair nach gcreideann tú sa ‘ghnáthrud’ ní bhíonn an dara rogha agat ach a bheith cróga agus ligint ort féin go bhfuil tú muiníneach agus dul i mbun gnímh.
Sa chás seo domsa ciallaíonn sin nach mbeidh mé ag caitheamh nó ag ceannach smididh a thuilleadh.