Colm Duffin
Nuair a d’fhág mé slán ag an scoil den uair dheiridh, dá n-iarrfá orm méid uillinn C ar thriantán a oibriú amach trí theoirim Phíotagarásach. Mise an duine ceart.
Nó d’fhéadfainn a bheith ag drantán liom gan stró faoi gach céim agus mionchéim de phróiseas na fótaisintéise.
Agus ábhar léitheoireachta am luí agam?
Is ea, na graif faid is ama sin a chuirfeadh faobhar ar do shamhlaíocht.
Agus is cinnte go bhfuil teoirim Phíotagarásach, próiseas na fótaisintéise agus graif faid is ama an-chabhrach do dhuine éigin áit éigin i réimsí áirithe sa saol, ach le fírinne níor úsáid mé aon cheann acu siúd ó chaith mé carbhat na scoile sa chófra gur fhág laethanta stuacacha na ngoiríní dearga i mo dhiaidh.
Ní i bhfad ina dhiaidh sin a tuigeadh dom nár teagascadh rudaí ar leith dúinn ar scoil:
Cúrsaí cánach. Garchabhair. Buiséadú agus cúrsaí pinsin. Conas bonn a athrú.
Rudaí bunúsacha ach rudaí a rachadh chun leasa duit i gceart amach sa saol.
Agus cad é faoi na scileanna sin nach féidir a thabhairt leat ó théacsleabhar ná ó chailc agus clár an mhúinteora?
Scileanna pearsanta atá i gceist agam.
Diongbháilteacht. Seasamh an fhóid. Ceannaireacht.
Dá fheabhas aon chóras oideachais nó scoile, ní fhéadfadh sé na scileanna sin a theagasc do dhuine óg. Caithfidh sé an chiall sin a cheannach dó féin, ina am féin.
Ach le deireanas is léir gur thug na húdaráis ó thuaidh orthu féin an t-easnamh sin a chur ina cheart.
Leag siad amach cúrsa cuimsitheach do na Gaeil óga ó thuaidh, cúrsa a thabharfadh deis don aos óg taithí phraiticiúil a fháil scileanna amhail an diongbháilteacht, seasamh an fhóid agus ceannaireacht a thabhairt leo agus a thabhairt leo go buan.
Ceannaireacht 101.
Obair phraiticiúil amháin a bhí sa chúrsa seo agus is measúnú leanúnach de thrialacha tráthrialta an modh measúnaithe a úsáideadh.
Cuireadh ceist amháin ar na daoine óga trí huaire le linn an chúrsa agus rinneadh scrúdú ar a n-iarrachtaí.
An cheist?
Léirigh, trí úsáid a bhaint as samplaí praiticiúla, conas a théann tú i ngleic le leatrom leanúnach na bunaíochta?
Cuireadh an cheist an chéad lá riamh i mí na Nollag 2016 nuair a rinneadh ar shiúl le scéim sparánachta Líofa.
Ba í sin an cheist a fuair a freagra. Agus faoi mar a dhéanfadh dalta maith agus é ag tosú ar chúrsa nua, rinne siad a ndícheall dul i gcion go mór ar na scrúdaitheoirí lena gcumas a léiriú go soiléir.
D’fhéadfadh achoimre trí fhocal a thabhairt ar an fhreagra chumasach sin:
An Dream Dearg.
I ndáiríre, is deacair saol na Gaeilge a shamhlú anois gan An Dream Dearg. Daoine óga fuinniúla atá sáite ag croí na gluaiseachta seo.
Feachtais ar na meáin shóisialta, feachtais ar na sráideanna agus feachtais ar an teilifís agus ar an raidió.
Go luath ina dhiaidh sin, cuireadh Gaeil óga an tuaiscirt faoi scrúdú arís ag deireadh mhí Mhárta 2017 nuair a cuireadh deireadh le sciar de mhaoiniú Ghlór na Móna, cinneadh a d’fhág ceithre ghrúpa óige i mBéal Feirste ar leathchois ar fad – Cumann Óige Uachtar Chluanaí, Club Óige na bhFál, Cumann Óige Ghlór an Ghleanna agus Club Óige Mhachaire Botháin.
Is iad na daoine óga a scríobh litreacha chuig na húdaráis. Is iad na daoine óga a d’eagraigh leathanach sluamhaoinithe. Is iad a chuaigh i mbun agóide ar Shráid an Acadaimh. Iadsan a labhair amach d’aon ghuth glórach amháin. Is iad a labhair go deisbhéalach i hallaí Choláiste Feirste.
Agus féach luach a saothair – príomhdhuais Ghlór na nGael tugtha leo cúpla seachtain ó shin as feabhas an fheachtais óige sin agus níos tábhachtaí fós, go bhfuair siad na ceithre phost sin ar ais.
Ba é an punann oibre a chuir na daoine óga isteach ar an 20 Bealtaine 2017 buaic a saothair ar ndóigh.
An Lá Dearg.
Daoine óga ag taobh an tslua dár n-eagrú agus dár dtreorú. Daoine óga i lár an tslua agus iad faoi arm bratach, meirgí agus bonnán. Daoine óga ag ceann an tslua dár ngríosú agus dár spreagadh.
Shíl muid go raibh deireadh leis an chúrsa ansin agus go raibh na scrúduithe go léir thart.
Gur bhain siad céim le céadonóracha amach.
Ach ansin cuireadh na mic léinn ollscoile faoi scrúdú cúpla seachtain ó shin. Údar an leatroim an iarraidh seo? Diúltú gonta giorraisc ón Ollamh James McElnay, Leas-Seansailéir Gníomhach Ollscoil na Banríona d’éileamh an Chumainn Ghaelaigh comharthaí dátheangacha a cheadú san ollscoil.
Amach leo láithreach os comhair gheataí na hollscoile. Siúd leo i mbun agóide, iad ag stocaireacht go staidéarach agus iad ag tabhairt dhúshlán na n-údarás lena chinntiú nach ligfí dá nguth imeacht in éag.
Luach a saothair? Glactha le rún de chuid Aontas na Mac Léinn comharthaí dátheangacha a cheadú agus a chrochadh thart ar an ollscoil.
Caith súil siar ar ghrianghraif agus ar fhíseáin na n-agóidí agus na mórshiúlta go léir ón chéad triail sin siar i Nollaig 2016 agus cad atá le feiceáil? Daoine óga, daoine óga brúite isteach mar a bheadh scadáin ann i mbusanna agus iad ar a mbealach go feachtas eile sa ghluaiseacht, daoine óga ar ghuaillí a chéile, daoine óga miotalacha ag caint go líofa siosmaideach leis na meáin, ach thar aon rud eile, ceannairí de dhaoine óga agus iad ag seasamh an fhóid go daingean diongbháilte neamhleithscéalach.
Ar ndóigh tá daoine a bhfuil taithí na mblianta acu i gcúrsaí feachtasaíochta agus stocaireachta páirteach sa ghluaiseacht úr seo agus tá siad le moladh go mór as ceannaireacht agus eiseamláir iontach a thabhairt don aos óg, don aos misniúil seo. Tá siad i ndiaidh ceannairí úra a mhúnlú, agus ceannairí cumasacha Gaeilge a thabhairt i mbláth. Ach ní dhéanfar dearmad air sin.
Ba é Yeats a dúirt gurb é atá i gceist leis an oideachas ‘lasóg a chur le tine seachas buidéal a líonadh’.
Agus más fíor dó, caithfimid buíochas a ghabháil le húdaráis na bunaíochta, nó chuir siad dianscrúdú ar na daoine óga seo agus is iad na húdaráis a chuir na lasóga sa bharrach an chéad lá riamh. Tá léirithe ag ár gceannairí óga úra le corradh beag le bliain anuas nach ligfidh siad do na lasóga céanna sin dul as go dtabharfar a gceart dóibh féin agus do phobal na Gaeilge ó thuaidh i gcoitinne.
Agus iad ag déanamh athrbheithniú ar conas a d’éirigh leis an chúrsa agus leis an mheasúnú leanúnach, is dócha go gcuirfidh na húdaráis chéanna cúpla ceist orthu féin.
Murach na gníomhartha beaga suaracha ar fad a rinneadh ar Ghaeil an tuaiscirt, an mbeadh ann don Dream Dearg ar chor ar bith?
An mbeadh an ghluaiseacht úr a bhfuil na daoine óga ar stiúir baol ar chomh fuinniúil bríomhar agus atá?
An mbeadh an t-aos óg seo againn chomh greadta céanna chun gnímh?
Agus murach na gníomhartha beaga suaracha sin an dtuigfeadh na daoine óga seo gur leosan gluaiseacht na Gaeilge chomh maith le duine agus go bhfuil sé de chumas iontu féin difear a dhéanamh?
Ar an drochuair do na húdaráis, ní bheidh freagra na gceisteanna sin acu choíche anois.
Léirigh, trí úsáid a bhaint as samplaí praiticiúla, conas a théann tú i ngleic le leatrom leanúnach na bunaíochta?
Léirigh siad sin go seoigh agus is cosúil go bhfuil samplaí go leor fós le taispeáint acu.
Anois cá huair a thosóidh ranganna Cheannaireacht 102?