Katie McGreal
Le linn cáis cúirte an tseachain seo caite, d’admaigh Cathal Crotty gur gur d’ionsaigh sé bean i gCathair Luiminigh. Tá ar Crotty €3000 a íoc mar phionós ar an ionsaí seo agus bheartaigh an breitheamh Tom O’Donnell gan aon am prisúna a thabhairt dó. Dúirt O’Donnell nach bhfuil sé ag iarraidh gairm Crotty a scriosadh agus é in Arm na hÉireann.
Dár ndóigh, chuir an eachtra seo samhnas agus olcas orm agus ní alt éasca é seo le scríobh. Ach ní hea nach bhfuil sé éasca mar gheall ar an ábhar, ar bhealach tá mé sách cleachtadh leis an ábhar. Níl sé éasca mar níl a fhios agam cén bealach eile le ‘stop ag marú agus ag déanamh ionsaí ar mhná’ a rá ar bhealach eile. Tá sé ráite agam chomh minic sin agus m’fhrearg léirithe agam le focail nach bhfuil aon bealach nua len é a rá.
Ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag go leor agaibh gur rinneadh ionsaí ormsa, faoi dhó i mBaile Átha Cliath. An chéad uair, bhí mé sa dara bhliain san ollscoil agus fiú ag an am sin, ní raibh muinín ar bith agam sna Gardaí agus mar sin, níor bhac mé le glaoch orthu, ach cúpla lá i ndiaidh na hionsaithe, bhí orm siúl abhaile agus é dorcha. Bhí stáisiún na Gardaí trasna ón áit ina raibh mé agus chuaigh mé isteach le feiceáil an raibh duine in ann siúl liom. Ní raibh siad pioc sásta. Bhí orm fanacht go dtí gur d’éirigh leo beirt a aimsiú le siúl liom agus fiú ansin, ní raibh siad ach ag iarraidh siúl cuid den bhealach mar bhí mo theachsa taobh amuigh de dlínse s’acu féin. Dhiúiltigh mé leanúint ar aghaidh liom féin agus mar sin, tháinig siad liom an bealach ar fad. Nach deas iad?
Nuair a thosaigh muid ag siúl, d’iarr an bheanGharda dom an ndearna mé tuairisc faoin ionsaí.
“An fiú tuairisc a dhéanamh? An ndéanfaidh sé aon difir?”
“Is dóigh nach ndéanfaidh,” a dúirt sí liom.
Ansin, i 2018, bhí mé ag siúl abhaile arís agus bheartaigh fear go raibh mo mhala uaid. Bhí sé ar rothar, rug sé greim ar an mala a bhí ag dul thar mo chorp. Tharraing sé síos an bóthar mé ar an talamh agus é ag rothaíocht. Sa deireadh, thuig sé nach raibh sé le haon rud a fháil agus scaoil sé leis an mala, mise fágtha ar an talamh i ngloine briste, an taobh chlé de mo chorp gorm agus donn.
Ghlaoigh bean a tháinig suas chugam ar na Gardaí. Ní bheadh mé féin théis bacaint leo. Cúpla lá i ndiaidh bhí orm dul isteach agus ráiteas a dhéanamh agus seachtain nó dhó i ndiaidh sin fuair mé litir.
“Níor tháinig aon rud as an bhfiosruchán. Tá an fiosruchán anois dúnta.”
Ar feadh trí bhliana i ndiaidh an dara ionsaí, ní raibh mé in ann siúl áit ar bith liom féin sa dorchadas. Is ar éigin go raibh mé in ann siúl ar shráid ina raibh fear air agus é geal.
D’athraigh na hionsaithe sin mo shaol. Ní raibh mé soineanta a thuilleadh. Thuig mé go raibh orm a bheith an-curamach ar na sráideanna.
D’athraigh an dhá ionsaí sin mo shaol agus mé, ach níor tharla aon rud don bheirt a rinne iad.
Tá saol Natasha O’Brien scriosta agus athraithe anois freisin. Ach is cuma le Tom O’Donnell faoi saol s’aici, mar níl inti ach bean. Caithfimid i gcónaí smaoinigh ar shaol an fhir, saol a té a rinne an t-ionsaí; siadsan an duine is tábhachtaí, sin an íobartach ceart, nó sin a léiríonn ár gcóras dlí cibé.