Jack Mac Íomhair
Ní minic a bhíonn polaiteoirí na sé chontae ar aon ghuth maidir le haon rud. Uaireanta, áfach, bíonn smaoineamh chomh holc sin ag Rialtas na Breataine go dtagann siad uilig le chéile. An t-am seo, tá a bhfearg á léiriú acu maidir leis an ‘Breatchárta’, nó Britcard.
D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ar an 25 Meán Fómhair go mbeidh Scéim Cárta Aitheantais á cur i bhfeidhm roimh dheireadh shaolré an rialtais in 2029. Níor ghlac sé i bhfad ansin gur cuireadh an t-ainm ‘Breatchárta’ ar an scéim.
Is mian leis an rialtas an cárta a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ardú ar líon na n-imirceach atá ag teacht trasna Mhuir nIocht go mídhleathach. Beidh an t-aitheantas de dhíth ag oibrithe ach dúirt an rialtas nach mbeidh ar dhaoine an t-aitheantas a iompar nó a thaispeáint.
An mbeadh an gníomh seo láidir go leor chun maolú a dhéanamh ar líon na ndaoine a bhíonn ag teacht go dtí an Bhreatain? Nó an gníomh eile é ag Starmer le suaimhneas a chur ar na toghthóirí, atá ag bogadh i dtreo Reform UK de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí?
Tá rialacha láidre ann cheana féin a phléann leis na fadhbanna atá luaite ag Starmer. Is féidir le fíneáil suas go £60,000 a chur ar fhostóirí atá ag fostú daoine nach bhfuil cead oibre acu.
Is dual don scáthgheilleagar a bheith faoi scáth. Tá cur in éadan an phlean ag teacht ó gach cearn den domhan polaitíochta, fiú páirtí Starmer féin. Tá achainí a bhfuil 2.8 milliún duine i ndiaidh a síniú a chur léi, ach tá an rialtas ag rá go leanfaidh siad ar aghaidh leis na pleananna ar aon nós.
Beidh troid dheacair ag Starmer agus ag an rialtas leis an phlean a chur i bhfeidhm, agus de réir cosúlachta, tá Starmer ag gaotaireacht agus brú air ón eite dheas.
Rud amháin dearfach a tháinig amach as an phraiseach ná gur tharraing Starmer na páirtithe sna sé chontae le chéile. Rud nach bhfuil éasca, mar is eol dúinn.
Chomh luath agus a cuireadh an t-ainm Britcard ar an scéim, bheifí ag súil le haisfhreagra ó na páirtithe náisiúnaithe anseo, agus chuir siad a seasamh ina choinne in iúl go gasta. Dar ndóigh, labhair an DUP, na cosantóirí is láidre de chearta an duine aonair (nuair atá sé fóirsteanach dóibh), amach faoin scéim fosta.
Dúirt ceannaire an DUP, Gavin Robinson, gur leibhéal eile de mhaorlathas í an scéim i gcoinne an ghnáthshaoránaigh.
Bhí an UUP sásta labhairt amach faoin scéim fosta ag rá go sáraíonn an tionscnamh iomarcach místuama seo an ceart chun príobháideachta.
Is léir nach bhfuil na páirtithe aontaithe ar na cúiseanna céanna, ach tá siad aontaithe in éadan an Bhreatchárta.
Dúirt an Chéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, gur ionsaí é an moladh ar chearta na saoránach Éireannach agus go sáraíonn sé Comhaontú Aoine an Chéasta. Mar fhreagra ar an mhéid sin, luaigh Rialtas na Breataine go dtabharfadh an plean aird ar an chomhaontú.
Cén dóigh? Is rud é sin nár mhínigh siad.
Tá sé deacair a shamhlú go mbeidh an t-aitheantas seo á chur i bhfeidhm sna sé chontae, go háirithe nuair a smaoinítear ar an dóigh nach bhfuil Bratach an Aontais ar cheadúnas tiomána na sé chontae. An nglacfar leis an ‘Breatchárta’ mar sin?
Ba ghnáth le moltaí mar seo teacht ó rialtais uair sna naoi n-aird. Moltaí atá chomh hamaideach sin go mbíonn cur in éadan forleathan ann. Ach i bhfianaise an Mheiriceánaithe atá déanta ar an pholaitíocht sa Bhreatain i ndiaidh Breatimeachta, tá moltaí cosúil leis seo chomh fairsing le gaineamh na trá.
Is cinnte go bhfeictear an moladh seo ó Rialtas Pháirtí an Lucht Oibre mar cheann eile de na teipeanna a bhí agus a bheas acu le linn shaolré an rialtais.