Bean eile marbh

Katie McGreal

Is cuimhin liom go maith nuair a cailleadh Ashling Murphy. Déarfainn gur cuimhin leis an gcuid is mó de dhaoine. Bean óg a bhí amuigh ag rith le linn an lae, conas an d’fhéadfadh a leithéid tarlú?

Ach céard faoi Miriam Burns a cailleadh i mí Lúnasa anuraidh? Nó Hollie Thomson, Lisa Cash agus anois Natalie McNally. Is í Natalie an ceathrú bean a dúnmharaíodh ina teach féin sna Sé Chontae i mbliana. Sin 2023, a thosaigh níos lú ná dhá mhí ó shin.

An nós atá ann ná go gcloiseann muid faoi líon áirithe de na dúnmharuithe seo agus ní chloiseann muid faoi líon áirithe eile, ach tá siad ag tarlú i rith an ama. De réir figiúirí atá ag an gcarthanacht Women’s Aid, dúnmharaíodh 244 bhean in Éirinn ó bhí 1996 ann agus, sna cásanna a raibh réiteach orthu, is fear a raibh aithne ag na mná air a rinne an dúmharú i 87% de na cásanna sin. I dtaighde eile a rinne siad, léiríonn sé go bhfuil taithí ag bean óg amháin as gach cúigear ar mhí-úsáid ó pháirtí nó ó chéile agus, i gcás na bhfear óg, is duine amháin as gach 11 atá i gceist.

Tá fadhb againn. Agus níl sé ag dul i bhfeabhas.

Is cuimhin liom go maith sna seachtainí i ndiaidh bhás Ashling Murphy bhí an-chuid cainte faoi ‘ní tharlóidh sé arís’ agus ‘conas a tharla a leithéid’. Bhí mé féin i gcomhluadar fear agus bhí siad ag rá “chomh luath is a chuirfeadh an fear seo sa phríosún bheadh rudaí ceart go leor”.

Bhí mé ag seasamh in aice leo ag smaoineamh ar an bhfeadóg éignithe atá agam ar mo mhála ar fhaitíos go dtarlódh aon rud agus mé liom féin agus ar an aláram pearsanta atá agam i bpóca mo chóta i gcónaí don chúis chéanna.

B’fhéidir go mbeadh rudaí ceart go leor do na mná a bhí ar aithne an fhir áirithe seo agus é anois sa phríosún, ach ní raibh rudaí le feabhsú domsa agus é ann. Ní mhothaím níos sábháilte ar na sráideanna liom féin, ní bhím sásta an carr a pháirceáil in áit dhorcha san oíche, ní théim amach ag siúl san oíche liom féin, ní athraíonn aon rud domsa.

Cé gur olc agus gránna an rud é aon dúnmharú sna cásanna seo, ní bhaineann sé leis an dúnmharfóir amháin: baineann sé leis an tsochaí agus an cineál plé a dhéantar faoi mhná nuair nach bhfuil mná thart. Baineann sé le heaspa measa ar mhná agus leis an tsochaí a ligeann fir ar shiúl le rudaí gránna mar “ní raibh siad ach ag magadh”. Baineann sé le fir ag rá “tóg go réidh é ní raibh mé ach ag magadh” nuair a deir siad rud gránna faoi bhean agus labhraíonn sí amach ina choinne.

Tá muid ag rá le blianta fada nach bhfuil muid sábháilte ar na sráideanna linn féin agus an freagra a bhí ann i gcónaí ná “tóg cara leat, úsáid d’eochracha idir do mhéara, bíodh feadóg agat ach ná úsáid sprae ar bith mar tá sé sin in aghaidh an dlí”. D’fhéadfadh an fear atá do d’ionsaí thú a thabhairt os comhair na cúirte má scriosann tú radharc na súl s’aige le díbholaíoch nó sprae ar bith eile.

Tá mná tinn tuirseach de bheith ag rá agus ag cloisteáil na rudaí seo. Tá ár sáith againn agus ár jab déanta. Ní stopfaidh na hionsaithe seo ar mhná go dtí go seasann fir suas, go dtí go labhraíonn fir amach i gcoinne a gcairde agus iad ag rá rudaí maslacha faoi mhná. Is cuma liom más ag magadh a bhí tú nó nach raibh, má tá sé maslach tá sé maslach. Má tá cead agat a bheith ag magadh faoi mhná “ar bhonn beag”, cá stopfaidh sé?

Sa reilig go minic, i bhfianaise na bhfigiúirí atá ar fáil.

Tá sé thar am do na fir seasamh suas agus cabhrú linn, ní athróidh aon rud go dtí go bhfuil tacaíocht na bhfear ag na mná uile, ar bhonn praiticiúil agus ní hamháin nuair a deir siad go dtacaíonn siad leis na mná. Tá mé ag iarraidh fir a fheiceáil agus a chloisteáil ag seasamh suas dúinn.

Close
Close