Athchoigeartú

Athchoigeartú

Le Ciarán Ó Pronntaigh

Is annamh a thagann athrú polaitiúil as spéir ghorm. Bhí na cúiseanna ar éirigh Sinn Féin as an Fheidhmeannas iontach soiléir ag gach duine; meas, cothromas agus soiléireacht. Má amharctar siar ar an toghchán tionóil, níor chóir an oiread sin iontais a bheith orainn.

Bhí an scannal faoi Thionscnamh um Theas In-athnuaite (RHI) faoi lán seoil ag tús mhí Eanáir, ach fós féin,  ní raibh Arlene Foster sásta seasamh siar go sealadach, a fhad a bheadh fiosrúchán ar siúl. Nuair a tháinig sé amach gur éirigh Martin McGuinness as a leaba ospidéil le focal comhairle a chur ina cluas agus gur thug sí droim láimhe dó, léirigh sí go raibh sotal ag baint lena seasamh. Ach bhí rud níos doimhne ann arís. Léirigh sí dímheas dá comhpháirtí sa rialtas. Cinnte, ba é rialachas i lár an rialtais ba chúis leis an éigeandáil, ach, thar rud ar bith eile, dá mbeadh cruthúnas ar bith eile de dhíth, bhí dímheas aici ar an phobal náisiúnach agus ar na páirtithe eile.

Agus níor chuidigh focal ar bith dár tháinig as a béal léi chun an scéal a chur ina cheart, go dtí go raibh sé i bhfad rómhall. Ní leor alt san ‘Irish News’ le fearg an phobail a shíothlú. An chaint faoi chrogaill, thug sé sin cosa don fhearg sin agus chuaigh na crogaill sin amach de rúid chuig gach cearn sna sé chontae. Ba chuma leis an DUP faoin dóigh ar mhothaigh daoine eile – thuig muid nach comhpháirtíocht a bhí ann. Cibé meas a bhí ann laethanta Ian Paisley, bhí sé imithe anois.

Bhí an scéal seo ag déanamh tinnis do na náisiúnaithe, poblachtaigh agus grúpaí forásacha eile le  fada an lá. Bhí liosta le háireamh acu de ghearáin. An dóigh ar úsáid an DUP an achainí ar bhonn ábhar buartha le stop a chur le cothromas pósta. An dóigh shuarach ar cealaíodh deontas Líofa. Diúltú d’Acht na Gaeilge. Gan aontú ar ‘cheisteanna oidhreachta’, rud a d’fhág go raibh ionchoisní ar bhásanna amhrasacha mar gheall ar na fórsaí slándála fós gan tarlú.

Ag amharc siar, bhí titim ag teacht ar an vóta do na páirtithe náisiúnacha thar roinnt toghchán. Bhí díomá ar na vótálaithe nach raibh dul chun cinn ag tarlú. D’aithin an SDLP gur gá dóibh malairt treo a thriail agus léim siad isteach sa fhreasúra, anuraidh. Ach bhí Sinn Féin gafa istigh i bpósadh gan ghrá agus b’éigean dóibh fanacht mar gheall ar an mhorgáiste. Bhí barraíocht infheistithe acu le siúl ar shiúl ag an phointe sin. Ach le ceist an RHI bhí cúis acu deireadh a chur leis an phósadh sin agus dul chuig cúirt na ndaoine le téarmaí níos fearr a fháil.

Bhí foighid leis an chóras ag imeacht mar a bheadh sneachta ar chlaí ann faoin am sin, agus ní poblachtaigh agus náisiúnaithe amháin a bhí ar bord faoi am an toghcháin. Ach, ba iad na poblachtaigh a thug cic do Shinn Féin sa toghchán tionóil roimhe sin is mó a mhothaigh go raibh daoine ag éisteacht leo anois. Ní poblachtaigh iad uilig an 10% den ardú a tháinig ar an vóta Déardaoin seo a chuaigh thart, ach bí cinnte, tháinig siad amach go suntasach in áiteanna a ndearna sé difear mór. As na 18 suíochán a d’imigh leis an ísliú i líón na suíochán sa tionól, ba shuíocháin aontachtacha 16 acu a d’imigh.

Bhí caint ann faoi athmhúscailt sa phobal náisiúnach. Is dócha go bhfuil cuid de sin ann. Bhí fearg ar dhaoine agus chonaic siad seans le sin a chur in iúl. Ach thiocfadh amharc air mar choigeartú, chomh maith. Tá na torthaí a tháinig amach Dé hAoine ag teacht níos mó leis an choibhneas dhéimeagrafach atá ann sna sé chontae anois.

Agus is sa chomhthéacs sin nach miste amharc ar cheist na Gaeilge. Bhí am ann, b’fhéidir dosaen bliain ó shin, nuair a dúirt ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta go raibh an Ghaeilge ‘ina hábhar aighnis idir an dá phobal’. An iarraidh seo, d’aontaigh siad le hAcht na Gaeilge. (Bhí an ceannaire, Naomi Long dearg le fearg ar a cuntas Twitter, ar feadh tamaill, chomh maith). Rinne gach páirtí neamh-Aontachtach ceist pholaitiúil den teanga.

Níl aon cheist ach go bhfuil an Ghaeilge níos mó i lár an aonaigh ná mar a bhí riamh. Téann cuid mhaith den bhuíochas leis na heagraíochtaí Gaeilge agus leis an teachtaireacht a thugann An Dream Dearg. Ach aithníonn na páirtithe neamh-Aontachtacha gur ceist í atá lárnach ag a lán daoine agus gur gá dóibh éisteacht. Sin an rud a dhéanfaidh difear.

Close
Close