Seosamh Ó Riain
In ainneoin tréaniarrachtaí le blianta beaga anuas chun Lá ’le Pádraig a chur i lár an aonaigh agus dea-thoil idirnáisiúnta a chothú i leith na tíre dá réir, is léir nach mar a shíltear a bhítear.
Don dara bliain i ndiaidh a chéile, déanfaidh méara Nua-Eabhrac, Bill de Blasio, baghcat ar an bparáid arís i mbliana de bharr sriantachta a bheith curtha ar lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach (LADT) páirt oscailte a ghlacadh sa pharáid.
Bhí cosc iomlán ar an LADT páirt oscailte a ghlacadh anuraidh, agus níl an cead ach ag aon ghrúpa amháin acu amhlaidh a dhéanamh an babhta seo.
Seo céim ar chúl don ‘green machine’ thall go háirithe mar gheall ar thraidisiún fada polaiteoirí mór le rá ag siúl sa mhórshiúl, an tUachtarán Truman ina measc.
Níl le déanamh ach féachaint ar sheasamh na Rúise i leith cearta don phobal aerach agus an chonspóid a chothaigh sé ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014 chun a thuiscint cé chomh diúltach díobhálach is atá a leithéid d’íomhá tíre.
Ní sin an t-aon fhadhb atá ann ná baol air.
I 2011 b’éigean do mhéar eile ar Nua-Eabhrac, Michael Bloomberg, leithscéal a ghabháil le Gael-Mheiriceánaigh mar dúirt sé go poiblí, “Bhí mé cleachta ar Éireannaigh a bhí ólta a fheiceáil ag crochadh amach ó na fuinneoga” le linn pharáid Lá ’le Pádraig.
Ní hé an t-aon té ach an oiread a tharraing caint mar gheall ar cheist an ólacháin ar lá mór na nÉireannach.
Ní mó ná sásta a bhí Gael-Mheiriceánaigh cúpla bliain siar le t-léinte gléghlasa a chuir an comhlacht Urban Outfitters amach le haghaidh Lá ’le Pádraig.
Scéalta grinn a bhí ann faoi mheisceoireacht agus na hÉireannaigh, ach bíonn dhá insint ar gach scéal, go háirithe más caitheamh anuas atá i gceist.
Seo blaiseadh beag dá raibh ann:
“So this Irishman walks out of a bar. No. Really, it can happen.”
“Irish I were drunk”
’”I’m a F****** Leprechaun”
“I’m sick of all these Irish stereotypes. As soon as I’m drunk, I’m punching someone.”
An áit a mbíonn toit bíonn tine agus is cinnte gur tharla breis agus cúpla taom foréigin agus fiú círéibeacha ar Lá ‘le Pádraig thar na blianta a d’fhéadfadh an fhéile a chur ar a haimhleas.
Gabhadh roinnt lucht círéibe a bhí ar deargmheisce sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, Baile Cliath agus Béal Feirste le blianta beaga anuas gan ach cúpla áit a lua.
Tharla mé féinig ar scata déagóirí i mbun troda fíochmhaire a thosaigh sa phub agus a tháinig chun críche ar an tsráid.
Ba é sin i gcroílár na Gaeltachta agus bhíodar ‘ag ceiliúradh’ Lá ’le Pádraig (2009) ó mheán lae agus iad ar baois le hólachán.
Ní annamh a dúirt cairde liom nach rachaidís amach ag ól ar ór ná ar airgid oíche Lá ’le Pádraig ar fhaitíos trioblóide.
Ní theastaíonn ach correachtra chun sochar na féile a chur ó mhaith.
Bhí sé i gceist fiú i New Jersey i 2011 an pharáid a bhogadh ón deireadh seachtaine go lár na seachtaine chun maolú ar an iompar frithshóisialta agus an foréigean.
Chuaigh lucht eagraithe na paráide i Manhattan níos faide fós ná sin i 2012 agus chuir The Sober St. Patrick’s Day ar an saol.
Is éard atá mar aidhm aige ná fíorspiorad na féile a athghabháil agus an meon a athrú ina taobh seachas í a bheith ina leithscéal bacach don ragús óil.
Beag seans go ndéanfar amhlaidh anseo má bhíonn cead cainte ag na comhlachtaí móra óil faoi, agus bíonn, ar ndóigh, mar atá a fhios ag madraí an bhaile.
Ní gá ach breathnú ar a ndearna Guinness le Arthur’s Day chun cosa a chur faoi fhéile óil d’fhonn bheith ag tochras ar a gceirtlín féin.
Luíonn sé le réasún go rachadh comhlachtaí tráchtála i dtír ar Lá ’le Pádraig chun an caracatúr iomráiteach Éireannach a chur chun cinn mar dhuine atá thar a bheith dílis do lucht an lágair, fuisce nó Guinness nó aon deoch eile faoin spéir ghlas.
Níl aon bhaol ann ach go dtugann muintir na hÉireann lámh chúnta dóibh.
Feictear na mílte duine le hata leipreacháin orthu, buidéal Guinness agus eile sa lámh agus iad ag gabháil ó thaobh go taobh, ag cothú na híomhá steiréitipiciúla den leipreachán callánach racánach suarach.
D’fhéadfaí a mhaíomh gur saoire Guinness-Heinken-Hallmark é an fhéile anois seachas a mhalairt.
An rud is suntasaí sa lá atá inniu ná leathnú amach an cheiliúrtha chuig áiteanna i gcéin, leithéid na Rúise agus na Síne, nach bhfuil macalla ár sinsear le brath beag nó mór iontu.
An amhlaidh gur féile dhomhanda anois í le dul ar an drabhlás sna ceithre hairde, cuma an eol do bhunadh na háite fiú amháin an ann nó as d’Éirinn gan trácht ar Naomh Pádraig.
Agus céard faoi shainchomharthaí cáiliúla ‘ag dul glas’ don lá, idir phirimidí Ghaza, Allianz Arena München agus an Mhaighdean Mhara Bheag i gCóbanhávan na Danmhairge.
An bhfuil sin ag dul thar fóir go háirithe ó thír a bhfuil cur amach nach beag aici ar dhomhandú agus coilíniú?