An Ghaeilge ó thuaidh: ardú stádais

Ciarán Ó Pronntaigh

Tháinig sé mar a bheadh deoir ag titim de bhláth. Gan aon bhuaileam sciath ná scol trumpaí. Tá stádas oifigiúil ag teanga dhúchasach na tíre seo, a bhuí le haire a d’fhógair é go séimh i bparlaimint Londan an Chéadaoin seo a chuaigh thart. Ní ag déanamh beag de atá mé, i ndáiríre, nó d’fhan muid na blianta fada ar a shon. Ba mhall agus ba mhithid.

Ag an am céanna, d’fhógair Hilary Benn go raibh na cumhachtaí oifigiúla le bheith ag an Choimisinéir Teanga as seo amach, rud a mbeidh impleachtaí móra leis, sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse. Ní duine é Pól Deeds, an Coimisinéir Teanga nua, a ligeann na maidí le sruth agus níor chuir sé am ar bith amú ag dul i mbun oibre nuair a ceapadh é san fhómhar anuraidh – ba chuma na cumhachtaí a bheith aige nó gan a bheith aige.

Seachtain ghnóthach a bhí ann an tseachtain seo caite, le trí chás cúirte ar siúl faoi stádas na Gaeilge. Agus seo an áit a n-éireoidh sé spéisiúil… Bhí éisteacht dhá chás ann Dé Céadaoin, an cás maidir leis an mhoilleadóireacht a bhaineann le Straitéis na Gaeilge agus an ceann eile faoi chead a bheith ag an Aire Bonneagair, Liz Kimmins, comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Mórstáisiún Bhéal Feirste. Chuir Aontachtaithe an dlí ar Kimmins, á mhaíomh gur athrú suntasach conspóideach a bhí ann agus go raibh comhaontú an Fheidhmeannais de dhíth ar a leithéid de chinneadh.

Maidir le straitéis don Ghaeilge, gealladh í chomh fada siar le 1998 i gComhaontú Aoine an Chéasta. Luadh í arís ag Cill Rímhinn agus chuir Conradh na Gaeilge an dlí ar an Fheidhmeannas faoi dhó roimhe seo faoin easpa gnímh ar an cheist. Agus bhain siad an dá uair sin. Tuigimid gurb é an fhadhb atá ann nach bhfuil comhaontú san Fheidhmeannas maidir leis an Ghaeilge agus mura mbíonn comhaontú ann ní tharlaíonn faic. Ní mian le Gordon Lyons orlach a ghéilleadh go poiblí, go háirithe agus cogadh cultúir faoi lán seoil.

Lyons féin atá sa chúirt, mar aon leis an Fheidhmeannas, as gan an Straitéis a bhogadh chun cinn, agus tá daoine mar Jamie Bryson ag coinneáil súil seabhaic air le go bhfágfaidh sé í ar leataobh chomh fada leis an chéad toghchán tionóil eile in 2027. Is straitéis chuimsitheach a dhear pobal na Gaeilge ó thuaidh an dréacht atá ina lámh faoi láthair agus dá gcuirfí leagan ar bith de sin i bhfeidhm, bheadh stádas nach beag ag an teanga. Seans go mbeidh tionchar ag an Choimisinéir sa chás seo, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh le Lyons a lámha a ghlanadh den cheist agus gan smál a bheith ar a chlú. Beidh le feiceáil.

Bhí deis ag an Choimisinéir a bharúil a thabhairt i gcás Mhórstáisiún Bhéal Feirste. Mhaígh sé go raibh an ceart ag Liz Kimmins comharthaíocht dhátheangach a chur in airde agus nach rud conspóideach a bhí ann. Seans maith go nglacfaidh an breitheamh sa chás, an Breitheamh McAlinden, lena thuairim. Má ghlacann, ní bheidh comharthaíocht dhátheangach ina cnámh spairne an oiread sin as seo amach.

Diaidh ar ndiaidh, céim ar chéim, tá fíorú fhís an Dreama Dheirg ag tarlú. Thar na blianta, bhí na mílte amuigh ar na sráideanna ag léirsiú. Is deas toradh a fheiceáil ar an streachailt sin anois. Go deimhin, níl duine ar bith soineanta go leor le go gcreidfeadh siad go mbeidh athrú thar oíche ann ná go mbeidh flaitheas Ghaelach ann ó thuaidh leis an reachtaíocht nua seo ach tá léarscáil againn anois a threoróidh muid chuig áit a mbeidh níos mó cothroime ann don teanga. Cuid de na bacainní a cuireadh ar an bhóthar roimhe seo, tá siad á nglanadh amach as an bhealach. Is athrú ciúin é seo ach athrú daingean é chomh maith. Tá na crogaill ar ais.

Comhartha sóirt den athrú ciúin atá ag tarlú ná cás Mháire Mhic an Fhailí a tógadh as t-léine Palestine Action a chaitheamh sa samhradh. Níor labhair sí ach Gaeilge leis an phéas lena hainm agus seoladh a thabhairt agus tógadh í. D’fhógair an PSNI roinnt laethanta ó shin go bhfuil ‘gníomh smachtaithe ar siúl’ ag an phéas a thóg í i ndiaidh don Ombudsman Póilíneachta a rá gur ‘theip’ orthu a gcuid dualgas a chur i bhfeidhm i gceart gan aistritheoir a chur ar fáil. Is mór idir sin agus na laethanta fadó.

Ag amharc go fuarchúiseach ar na hathruithe seo is é an rud is suntasaí nach bhfuil siad ag brath ar dhea-thoil daoine eile, is cearta iad a sheasann sa dlí. Thig liom bheith beo leis an easpa trumpaí.

Close
Close