An Bata ‘Scór’?

Nuachleas, Scór
Nuachleas, Scór

Fearghal Mag Uiginn

Tá an chuma ar an scéal gur cuireadh an daonlathas as riocht nuair a tugadh bata is bóthar don chomórtas ‘Nuachleas’ sa Scór Sinsir is Scór na nÓg le gairid. Is cosúil nár tugadh cluas le héisteacht fiú do na moltaí ó na cúigí.

I gCaisleán an Bharraigh a bheas Scór na hÉireann sa bhliain 2014 ach beidh sé doiligh sin a reachtáil mar is ceart as siocair gur éirigh Coiste Chonnachta Scór ar fad as de bharr an chinnidh! Is dócha go léiríonn sé sin an t-iontas agus an fhearg faoin chinneadh – gur ghríosaigh sé Coiste Cúige le héirí as.

Cuireadh i leith chlubanna a ghlac páirt sa Scór go raibh na drámaí a léiríodh ar an ardán mar chuid den chomórtas ‘Nuachleas’ “ciníoch agus seicteach”. Más fíor, ba cheart go mbeadh polasaí CLG láidir agus folláin go leor le dul i ngleic leis an fhadhb, clubanna a chur ar fionraí is cosc a chur orthu, chan deireadh a chur leis an chomórtas féin.

Le bliain anuas sa Pheil Ghaelach, léiríodh seicteachas ag leibhéal contae agus léiríodh ciníochas ag leibhéal cúige. Rinneadh fiosrúcháin agus cuireadh ar a laghad beirt ar fionraí ach níor tugadh bata is bóthar do na comórtais féin.

Más fadhb le caighdeán an ghrinn atá i gceist nó le cumas na n-aisteoirí, sin scéal eile.

Is rud pearsanta é ag daoine cad é atá greannmhar is cad é nach bhfuil. Tá daoine ann nach bhfuil dúil dá laghad acu sna sraitheanna ‘Ballykissangel’ agus ‘Mrs Brown’s Boys’ ach tá go leor eile ann a bhfuil, Éireannaigh is Gaeil ina measc.

Tá ráite nach féidir ‘nuachleas’ a mheas sula gcuirtear ar an ardán é ach níl ansin ann ach deargamaidí. Má bhíonn buaireamh ann, níl le déanamh ach cóip den script a iarraidh seachtain nó coicís roimh ré, sa dóigh is go dtig comhairle a chur ar an chlub nó an script a leasú.

Is féidir diúltú do chlub páirt a ghlacadh as siocair nach bhfuil an t-ábhar fóirsteanach. Ag Fleadhanna Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, caithfear teidil na n-amhrán a thabhairt don mholtóir roimh ré san amhránaíocht sinsir, mar shampla, agus roghnaíonn an moltóir dhá cheann as cúig cinn.

Tá traidisiún láidir faoin tuath, ach go háirithe, drámaí áitiúla a léiriú atá dírithe ar mhuintir na háite mar lucht féachána, greann áitiúil agus in amanna bunúsach go leor.

Don té nach bhfuil cumas na peile nó na hiomána nó na camógaíochta ann, tugann Scór faill dó ionadaíocht a dhéanamh ar son an chlub. Don té nach bhfuil bua an cheoil nó an damhsa ann, bhí ‘Nuachleas’ mar sheans aige páirt a ghlacadh go fóill.

Nuair a thagann cúrsaí go cnámh na huillinne, is comórtas de chuid CLG é Scór agus tá cead aige athruithe a dhéanamh ar rialacha an chomórtais de réir mar is mian leis an Chumann. Ach tá bród ar CLG as an daonlathas a bhaineann leis, ní as ceart crosta bheith ag duine ar bith.

Tá an tuigbheáil ann gur fada nimh san fheoil bheith ag Uachtarán CLG, Liam Ó Néill, don ‘Nuachleas’.

Mar Uachtarán is cinnte gur beag duine ar an Ardchomhairle a chaithfeadh vóta ina éadan, go háirithe más mian leis ardú céime sa Chumann.

Lena cheart a thabhairt do Iarlaith Ó Broin, Ard Mhacha, tá sé toilteanach an t-ábhar a thógáil agus a phlé sna meáin. Is fada eolas aige ar ‘Scór’ agus tuigeann sé go smior tábhacht an chultúir agus na teanga. De réir an ailt a scríobh sé faoin ábhar ar Gaelic Life ar an Aoine seo chuaigh thart tá a chontae féin le neamhaird a dhéanamh den chosc:

“In the meantime, Armagh Scór committee has decided to defy the ban and go it alone on the Novelty Act. And if they do, I’ll be back onstage again making a fool of myself.”


An cheist a chuir duine orm inné ná cad chuige a mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh i gcomórtas ar chuir sé ina leith ar Twitter gur bhain cuid de le “sectarianism, racism and toilet humour”?

Labhair mé le beirt ag deireadh na seachtaine a bhfuil ardmheas agam orthu as an obair iontach, dheonach a dhéanann siad ar son Scór agus Scór na nÓg.

Ar an talamh a bhíonn siad ag spreagadh clubanna le páirt a ghlacadh sna comórtais. Chuaigh siad a chuartú lucht urraithe do na comórtais agus ar an dóigh sin fuarthas coirn úra i mbliana, sé cinn déag acu, idir Scór agus Scór na nÓg.

Anois ní bheidh feidhm le ceithre cinn acu as siocair gur cuireadh deireadh le ‘Nuachleas’ ar an ardán agus le ‘Tráth na gCeist’ fosta. Beidh sé doiligh go maith urraíocht a mhealladh ó na comhlachtaí sin arís.

Ar leibhéal contae, bíonn an t-airgead gann agus caithfidh Coiste Scór a chuid airgid féin a bhailiú le díol as moltóirí agus as córas fuaime. Bíonn sé deacair an costas a chlúdach agus is annamh a bhíonn brabús ar bith ann.

Ar an mheán, meastar go mbeidh laghdú 60 duine achan oíche ar an lucht féachána ag Scór is ag Scór na nÓg as siocair chinneadh an Uachtaráin agus laghdú iontach mór ar an teacht isteach.

Lena chois sin ar fad is dóigh liom go bhfuil an chúis a tugadh ar an chinneadh bata is bóthar a thabhairt don ‘Nuachleas’ i ndiaidh baint de chlú na mbuaiteoirí ar achan leibhéal ó bhí 1969 ann agus droch-chlú a tharraingt ar an Chumann féin – an rud a bhí Liam Ó Néill is a chairde ag iarraidh a sheachaint.

Close
Close