Eoin Ó Murchú
Cé is mó atá buartha faoin díospóireacht i dtaobh na hÉireann Aontaithe – Aontachtóirí an Tuaiscirt nó Bunaíocht na 26 Chontae ó dheas?
Más comhartha ar bith é an clár teilifíse le Claire Byrne de chuid RTÉ, is mó an bhuairt atá ar Mhicheál Martin is lucht léite an Irish Times ná ar aon dream ó thuaidh.
Ag éisteacht le Gregory Campbell – agus roinnt Aontachtóirí eile – is cosúil go dteastaíonn uatha go n-imeoidh an scéal, amhail dá ndúnfaidís a gcluasa nach mbeadh sé ann is go bhfanfadh cúrsaí mar atá, mar a bhí is mar a bheidh go deo.
Mar sin féin, bíodh Gregory ag cur fáilte roimhe nó ag diultú páirt a bheith aige ann, tá an díospóireacht tosaithe is ní féidir stop a chur leis.
Ar ndóigh, níl a fhios againn go fóill cén difear a dhéanfaidh an daonáireamh is deireanaí ó thuaidh, ach tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh móramh Protastúnach ann a thuilleadh, cé nach léargas iomlán cruinn é creideamh daoine ar dhearcadh polaitiúil an phobail.
Dar le Gregory tá trí mhionlach sa Tuaisceart: Aontachtóirí, Náisiúntóirí agus daoine nach dteastaíonn uathu a bheith bainteach le taobh ar bith. Is léir go gcreideann sé go seasfadh an tríú dream seo leis an Aontas, ach cá bhfios?
Rud eile a dtugann Gregory neamhaird iomlán air ná dúil na Náisiúnaithe in Éirinn Aontaithe. Gan dabht creideann cuid mhaith de na Náisiúnaithe – móramh, ceapaimse, go deimhin – gur thréig an Deisceart iad in am an ghátair.
Agus, ar ndoigh, tá iontaoibh mhór aige as an gcárta is láidre i láimh an Aontais, is é sin an NHS. Ní de thimpiste a leag Mary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin, béim mhór ar an riachtanas go mbeadh Éire Nua ann, Éire le córas ceart sláinte cosúil leis an NHS – ach é a bheith maoinithe níos fearr ná mar atá faoi láthair.
Ní thuigeann an DUP, feictear dom, nach mbeidh daoine sásta glacadh le saoránacht den dara grád ar mhaithe leis an NHS a choinneáil. Mura féidir le lucht an Aontais lámh an chomhionannais is lámh an chóimheasa a shíneadh amach ní fiú NHS ar bith, go háirithe nuair atá íocaíochtaí leasa shóisialaigh ó dheas i bhfad níos fearr ná mar a bhfuil ar fáil o thuaidh.
Ní féidir mar sin magadh faoin nGaeilge agus gnéithe cultúrtha eile a bhfuil cuid mhaith Náisiúnaithe geanúil orthu, mar a dhein Campbell ar ndóigh sa ráiteas cáiliúil úd faoi ‘curry ma yoghurt’.
Ní hé go mbaineann an Ghaeilge le Caitlicigh is Naisiúnaithe amháin, mar a thuigeann muid ó shamplaí Linda Ervine, Ian Malcolm, Mairín Hurndall is eile, agus go deimhin ó shampla na hEaglaise Preispitéirigh sna céadta roimhe seo.
Tuigeann Peter Robinson agus iriseoirí ar nós Alex Kane go gcaithfidh lucht an Aontais straitéis a oibriú amach le daoine a mhealladh chun tacú leo, ach do chuid mhór urlabhraithe Aontachtacha is tábhachtaí a bheith céim in airde ar a gcomharsana ná bealach a aimsiú chun an tAontas a shábháil go fírinneach.
Agus má tá Protastúnaigh is Aontachtóirí le bheith ina mionlach, tá sé amaideach amach is amach gan páirt a ghlacadh i ndíospóireacht atá ar siúl, ar mhaithe le cinntiú go mbeidh spás compordach dóibh san Éirinn Nua atá ag teacht.
Cinnte, tá an pobal Protastúnach i dteideal nach ndéanfar éagóir orthu, nó idirdhealú ina gcoinne, faoi mar bhí i gcoinne na gCaitliceach i sean-réimeas Stormont. Tá siad i dteideal go mbeidh meas orthu mar phobal, mar chuid den Éirinn Nua.
Agus is dóibhsean a rá céard é ag deireadh thiar atá tábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Ach is anseo a fheiceann muid lámh cham bhunaíocht an Deiscirt.
Tá siad an-bhuartha nach mbeadh tada ann san Éirinn Aontaithe a chuirfeadh as do na hAontachtóirí, cé gur cuma leo dearcadh is mianta na Náisiúnaithe. Ní dhéantar aon tagairt dóibh siúd in óráidí Mhicheál Martin.
Bhí sé spéisiúil freisin – sular chuir Claire Byrne Joe Brolly den aer – gur dhírigh sise isteach ar bhratach, amhrán náisiúnta agus Briotanachas, nuair a bhí Mary Lou McDonald ag caint faoi chomhionannas cearta gach saoránaigh i stát a chuirfeadh maoin an stáit ar fáil don phobal trí chéile.
Feictear domsa gurb é meánaicme Bhaile Átha Cliath atá ag iarraidh cogadh na saoirse a dhíbirt amach as leabhair na staire, an mheánaicme sin a bhfuil náire orthu faoi neamhspleáchas na hÉireann agus arbh fhearr leo gur mionSasana a bheidh ann sa todhchaí.
Tabhair faoi deara freisin a sciobtha is a thiontaíonn siad ar cheist na Gaeilge. Caithfidh muid, deir siad, ísliú céime a dhéanamh chun Aontachtaithe a chur ar a gcompord.
Is í fírinne an scéil nach iad na hAontachtóirí atá ag ardú na gceisteanna seo faoin mbratach nó faoin nGaeilge ach an Bhunaíocht ó dheas iad féin.
Bíodh muidne, lucht na Gaeilge, ar ár n-airdeall mar sin agus muid ag tús na díospóireachta le cinntiú nach mbainfear leas as leithscéal na nAontachtóirí le cearta lucht Ghaeilge a scriosadh.