Concubhar Ó Liatháin
Bhí agóid in éadan an Aontais Eorpaigh i gCorcaigh cúpla lá tar éis gur bhuaigh Emmanuel Macron Uachtaránacht na Fraince agus ag an léirsiú, dódh brat an Aontais.
Dhá lá tar éis don taoide fhrith-Eorpach bheith iompaithe droim ar ais ag bua cuimsitheach Macron - Eorpach neamhleithscéalach a chroch brat na hEorpa timpeall a ghuaillí nuair a bhuaigh sé agus a bhain úsáid as aintiún an Aontais mar a aintiún féin - bhí Éireannaigh den eite chlé ag cur bhrat an Aontais le tine thíos i gCorcaigh.
Chuir sin idir náire agus fearg orm.
Ní hé nach bhfuil cead ag daoine bheith ag agóid in éadan an Aontais, ní hé go bhfuil sé gan locht, ní hé nach bhfuil leasuithe de dhíth air - ach is céim rófhada é in aon agóid an lasair a chur sa bhratach.
Is céim i dtreo an fhoréigin í sin agus, dar liomsa, is céim í i dtreo an fhaisisteachais.
Tá sé ait go bhfuil grúpaí ar an eite chlé in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa, go háirithe sa Bhreatain, sásta an bóthar céanna a thaisteal le lucht na heite deise - leithéidí UKIP agus na Tóraithe sa Bhreatain, leithéidí Geert Wilders san Ísiltír nó Marine Le Pen sa bhFrainnc.
Tá siad i dtíortha eile chomh maith - an Ungáir, mar shampla, agus clár oibre nach rachadh amú dá mbeadh sé á mholadh le linn na 30í i nGearmáin na Naitsithe.
Is é an rud atá ag tarlú, i bhfírinne, ná cogadh fíochmhar ar son ghuth an phobail agus dá fhad a théann tú ón lár, an áit a mbíonn an chuid is mó againn go seascair socair, i dtreo na n-imeall, is ea is fíochmhaire atá sé.
Baintear úsáid as geáitsí maslacha - ar nós brat a chur tre thine - agus raitis bhladhmannacha, mar a bhíonn ag leithéidí UKIP agus Le Pen, in iarracht leanúnach aird a mhealladh agus, sa chaoi sin, b’fhéidir antoiscigh a mhealladh le tacú leis na tuairimí radacacha atá á gcraobhscaoileadh ag eite amháin nó eile.
Ba é an rud a tharla le Breatimeacht/Sasamach/Brexit agus le toghchán Trump i SAM gur éirigh leis an eilimint antoisceach ‘radacach’ seo seilbh a fháil ar an lár ar feadh lae nuair, tre thimpist nó tré comhtharlúint, le neart bréaga agus bolscaireachta, d’éirigh leo an dubh a chur ina gheal ar an dtoghlach.
Ní túisce go raibh Breatimeacht bainte amach ná go raibh Nigel Farage ag éirí as ceannaireacht a phairtí, ní raibh Boris Johnson ag lorg ceannaireacht a pháirtí agus tá Donald Trump tar éis an oiread sin u-chastaí a dhéanamh go bhféadfadh sé bheith ina spraoithiománaí.
An rud is maith leis na hantoiscigh radacacha seo, ‘namhaid’ ar nós imircigh nó an tAontas Eorpach leis an locht a chur orthu as ucht gach aon mhí-adh.
Cuireann Donald Trump an locht ar na Meicsiceánaigh, cuireann UKIP an milleán ar inimircigh ó oirthear na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Anuas air sin, cuireann UKIP agus a gcomhthaistealaithe sna Tóraithe i leith an Aontais Eorpaigh gurb é an tAontas, agus an bunphrionsabal faoi shaoirse ghluaiseachta na ndaoine, is cúis le teacht na n-imirceach chun na Breataine.
Is dócha nach é an fháilte fhial fhlaithiúil roimh lucht oibre níos saoire atá á mealladh aghaidh a thabhairt ar aillte Dhobhair pé scéal é.
Ní hé nár cheart an togra Eorpach a cheistiú.
Tá aithne againn ar an Aontas Eorpach mar mhaorlathas ollmhór lonnaithe sa Bhruiséal ach le rialacha agus dlithe - agus deontais is cúnamh i gcabhair - a théann i bhfeidhm orainn pé acu an ar imeall an Aontais atáimid nó ina lár.
Tá rialacha i bhfeidhm a chosnaíonn ár gcearta mar oibrithe nach mbeadh ann mura raibh an tAontas Eorpach tar éis iad a rialú.
Ar an lámh eile, ní féidir a shéanadh gur íocadh go daor as na cosaintí seo - cuirim i gcás na hiascairí a mbíonn orthu uiscí na tíre a roinnt le loingeas na Spáinne agus atá fagtha beo beocht dá bharr.
Ní féidir, áfach, an locht a chur ar an Aontas Eorpach as droch-chinntí a dheintear anseo in Éirinn agus a mbíonn iarmhairtí tubaisteacha leo.
Le linn d’Fhianna Fáil bheith i gcumhacht, thit an tóin as an margadh tithíochta tar éis na mblianta de rathúnas agus ollbhrabhús.
Fágadh na céadta míle teaghlach i dtithe díluacháilte agus fiacha nach raibh ag dul i leig.
Bhí na bainc i bponc. Bhí an tír i mbaol rith as airgead.
Faoi dheireadh thiar, d’iarr Rialtas na hÉireann cabhair ón Aontas Eorpach agus cé gur tugadh é, bhí téarmaí deacra le comhlíonadh againn.
Bhíomar faoi smacht na Triúrachta/Troika.
Bhí orainn cur suas le costaisí níos airde ar sheirbhísí poiblí agus ciorruithe i ngach réimse dár saol.
Ach má tá cuid den locht ar an Aontas, ní leo an fhreagracht go léir.
Nach sinne a thogh Fianna Fáil i gcumhacht arís agus arís eile, fiú i 2007 nuair a bhí comharthaí sóirt na trioblóide romhainn le tabhairt faoi ndeara ag an té gur mhian leo iad a thabhairt faoi ndeara?
De réir na dtuairiscí ba é Banc Ceannais na hEorpa i Frankfurt an dream ba dhéine sa Troika - agus a d’iarr na coinníollacha ba chrua.
Ní raibh siad sásta ligint dúinn aisíoc a shéanadh ar shealbhóirí bannaí ar bith, fiú iad siúd a dtugtar na sealbhóirí sóisireacha orthu.
Is cosúil go raibh buairt ann go mbeadh bainc sa Ghearmáin agus tíortha eile san Eoraip, níos giorra do Frankfurt, thíos leis dá dtabharfaí faoiseamh d’Éirinn.
Fiú amháin má tá sin fíor, ní féidir éalú ón fhírinne searbh go raibh an chuid is mó den locht orainne as ucht na tubaiste tithíochta agus na géarchéime eacnamaíocht agus cailliúint an fhlaithis a lean.
Ní hé gur chuaigh gach duine amach ag ceannach tithe thar a n-acmhainn ach tá cuimhne agam go fóill bheith ag éisteacht le Joe Duffy agus gearáin ag teacht isteach ó dhaoine ina seasamh i scuainí taobh amuigh d’oifigí gníomhairí eastáit chun tithe nó árasáin a cheannach bunaithe ar léaráidí i mbróisiúirí, gan iad fiú a bheith tógtha fós.
Iadsan, sinne go léir, a thug vóta arís eile d’Fhianna Fáil i 2007 chun a chinntiú go leanfadh ré an rathúnais.
Lean FF lena bpolasaithe tubaisteacha go dtí gur thit an lug ar an lag i Meán Fómhair 2008.
Ach ní vóta a spreagann éadochas gach vóta mar a léirigh toradh thoghchán na Fraince dúinn.
Tá an lár ag troid ar ais - agus tá an aistroid seo thar am.
Bhí daoine ar an eite chlé a bhaist rogha idir an t-iarrthóir déistineach agus an t-arrachtacht ar an rogha idir Macron agus Le Pen. Bíodh acu.
Tuigfidh cuid mhór acu ina gcroí istigh má tá ciall acu go bhfuil stop - sealadach nó buan? - curtha leis an ngluaiseacht chun tosaigh ag eite mhire na polaitíochta agus is tuar dóchais an méid sin ag an bhformhór mhór.
Ní gá bheith dall ar lochtanna an Aontais Eorpaigh - tá dualgas orainn an tAontas a cheistiú.
Ach is fearr sinn san Aontas Eorpach ná as agus ar deireadh thiar tá vóta laidir tacaíochta faighte ag an Aontas i bhfoirm na tacaíocht a tugadh do Macron sa bhFrainnc.
Ní vóta ar son na déistine a bhí ann seachas vóta ar son an dóchais.