The Watchmaker - Léargas úr ar an damhsa bailé

Cuireadh léiriúchán damhsa dar teideal 'The Watchmaker' ar ardán an Olympia i mBÁC ag an deireadh seachtaine.

Meascán idir bailé agus damhsa sráide atá i gceist leis an léiriú speisialta seo le Veronika Sardiko.

Bhí Veronika í féin le feiceáil ar an ardán ar an oíche i gcuideachta damhsóirí iontacha eile as achan chearn den domhan, Éire, an Rúis, An Astráil, an Afraic Theas agus an Bhrasaíl ina measc.

Is fíor le rá nach minic a tchíonn tú bailé agus damhsa sráide le chéile ar ardán in aon léiriú amháin ach mheasc an dá stíl go deas lena chéile gan stró agus tá moladh mór tuilte ag Veronika agus na damhsóirí ar fad as a gcumas ag cur an tseó úrnua seo i láthair den chéad uair.

Léiriú ionraic agus fírinneach atá ann ar shaol gnóthach an lae inniu agus an dóigh nach stopann muid choíche le bheith buíoch as an domhan mór atá thart orainn, an gnáthamh laethúil agus an dóigh a gcailleann muid amach ar na rudaí atá speisialta agus tábhachtach sa saol.

Labhair muid le duine de na damhsóirí, Hillary Bowen Walsh, faoin léiriú nua agus faoina saol mar dhamhsóir bailé.


Close
Close