Cé acu is fearr – ag déanamh damhsa Gaelach ar thrampailín nó a bheith ag aithris filíochta agus tú ag léimnigh? Sin an argóint idir Lily agus Darragh in agallamh na seachtaine seo ó pheann Eithne Ní Ghallchobhair.
Girseach
Tá mé i mo shuí anseo go brónach
Le plástar ar mo ladhra.
Ní thig liom mo chos a thochas -
Tá plástair ar mo mhéara.
Tá mo rúitín go hiomlán leónta
Gan trácht ar mo chloigeann bocht.
Níl orlach díom nach bhfuil i bpian
Agus ní ormsa a bhí an locht.
Gasúr
Thit mise ar shlat mo dhroma
Bhí mé caite ar an talamh.
Baineadh an oiread sin de gheit asam
Bhí mé dall, bodhar agus balbh.
Nuair a bhí mé ag léimnigh liom go bródúil
Ag léimnigh liom le brí
Is beag a shíl mé go mbeinn istigh anseo
Sínte i mo luí.
Girseach
Cad chuige go raibh tú ag aisteoireacht
Le do chorp agus le do theanga?
Dá ndíreofá ar do dhá chos
Ní léimfeá thar an eangach.
Gasúr
Léim tusa thar an eangach fosta
Nó ní bheifeá istigh anseo.
Tú ag luascadh agus ag rince
Is míorúilteach tú bheith beo.
Tá an aithris béil chomh rithimeach
Feileann sé don trampailín.
Níos fearr ná bheith ag rince
Gan cheol nó fiú gan bhuíon.
Girseach
Tá mo bhua-sa iontach ealaíonta
‘Sé sin filíocht na gcos.
Bhuaigh mé duais as bheith ag léimnigh
Agus ag damhsa liom gan sos.
Léim mé agus dhamhsaigh mé
I rith an lae os comhair slua.
Ní raibh léamh ná scríobh ná inse béil
Ar mo chuid thalann, ar mo bhua.
Gasúr
Bíodh do ríl is do chornphíopa agat
Is beag an difear domhsa.
Ní thiocfaidh clú nó cáil chugat
As a bheith ag léimnigh agus ag luascadh?
Girseach
Is iomaí duine a rinne iontas domh
Ag an iomaí féile ghradamach
Ag léimnigh liom ar mo thrampailín
Ag dul don damhsa Gaelach.
Gasúr
Is iomaí duine a rinne iontas díot
Agus tú i do ábhar náire
Ag na healaíona áille Gaelacha
Ní raibh ionat ach ábhar gáire.
Níl rud ar bith níos fearr ar domhan
Ná bheith ag preabadh agus ag aithris duain.
Déan dearmad ar an sleascéim trasna
agus a bheith damhsa leat gan tiúin.
Girseach
Phreab mé ar mo cheann, phreab mé ar mo mhuin,
bhuail mé mo smig is mo shrón.
Chas ar mo shála, ghortaigh mo ladhra,
mo rúitín, mo ghlúine, mo thóin.
Gasúr
Tá an bheirt againn gortaithe, goinideach.
Tá muid caite, meaite, garbh.
Ní bheidh muid ag léimnigh ar feadh cupla mí
Agus sin an fhírinne seabh.
Girseach
Ach nuair a bheas biseach ar ár ngortaithe,
Nuair a bheas ár gcnámha briste socraithe,
Nuair a bheas ár snaidhmeanna fuilteacha doichte,
Beidh muid ar ais ar an trampailín.