Deireadh le Seó Spóirt. An mbeidh an Dara rogha ann?

Fearghal Mag Uiginn

Bliain déag atá Seó Spóirt TG4 á chur chun páirce ach tá an cinneadh déanta go séidfear an fheadóg dheiridh anocht Aoine 28ú Aibreán ar 9.45 i.n TG4.

Saolré fada go leor sna meáin, fad a léiríonn rath agus tarraingt na sraithe.

Ní amháin gur tugadh ardán eolach don spórt Éireannach, agus Gaelach ach go háirithe, ach thuill an clár meas leitheadach dá réir agus láithreoir oilte, scilmhar, dea-labhartha mar ancaire dúchasach, Dara Ó Cinnéide.

Agus ní rachadh duine ar bith faoi agus Seán Bán Breathnach mar leathbhádóir thall is abhus!

Ba chinneadh é a tháinig aniar aduaidh faoin trasnán agus a líon líontán an díomá san am.  Cuireadh tús le hachainí ar líne fiú gan an tsraith a chur chun suain ach ní luíonn comhrá toilg le fís fhadtéarmach Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Bás agus beatha buanchuideachta na meán sa lá atá inniu ann, forbairt nó feo, agus síorphlé le laincisí airgeadais is ciorruithe maoinithe. 

Tuigtear dó sin ar fad agus tuigtear don dream a bhain sult agus spórt as an chlár a d’imir a chéad chluiche sa bhliain 2007. 

Ach cad é mar a mheastar ‘luach’ sraithe?  

Chítear dom go nochtar na crúba Gaelacha nuair is Albanach a thugann tacaíocht do Brechin City a rinne an cinneadh! Tarraing siar na crúba bomaite beag!

Mar a thug láitheoir na sraithe féin le fios, ní aontaíonn sé leis an chinneadh atá déanta ach níl nimh ar bith san fheoil spóirt.

Is fada baint ag Alan Esslemont leis na meáin trí mheán na mionteanga, i bhfad siar nuair a cuireadh síol TnaG agus le deireanas le BBC Alba.

Tá cur amach agus fios a ghnóthaí aige ar na cúrsaí seo.

An bealach atá roimh TG4 faoina stiúir ná cur le spórt beo an stáisiúin agus le cúrsaí reatha.  Coicís ó shin bhí mé ag coimhéad ar chluiche ceannais peile faoi bhliain is fiche Chúige Uladh ar m’iPad agus sruthú beo déanta ag TG4 ar an choimhlint idir Doire agus Dún na nGall.

Céim chun tosaigh agus nod don eolach faoin bhealach atá romhainn.

Ach bhí buanna agus tarraingt ag Seó Spóirt TG4 ó thaobh na Gaeilge de nach mbeidh tráchtaireacht bheo nó scéal nuachta mar chúiteamh orthu.

Bainisteoirí agus mórimreoirí ár linne ar a suaimhneas taobh le chéile ag plé spóirt as Gaeilge agus Dara an réiteoir ildánach i lár báire.

D’éirigh thar barr le míreanna mar “thar an trasnán” a chothaigh caidreamh eisiach leis an óige, mír ina raibh sult, an Ghaeilge, craic agus úsáid teanga fite fuaite isteach ar a chéile - foirmle fhoirfe. 

Tá a fhios fosta gur spreagadh imreoirí, bainisteoirí agus lucht spóirt a bhí ar bheagán Gaeilge nó a raibh meirg ar a gcuid Gaeilge le snas a chur ar a scileanna teanga, ní ar mhaithe le hairgead nó le héirí in airde ach as siocair go mbeadh feidhm leis an Ghaeilge agus meas á léiriú uirthi i suíomh fíor, réadúil.

Is mór idir scileanna gabhálacha, cluasthuisceana, ag éisteacht le tráchtaire agus na scileanna comhrá agus díospóireachta ar thug Seó Spóirt ardán dóibh.

Mar a scríobadh cheana, bás agus beatha buanchuideachta na meán ach is é an bás buan-namhaid na mionteanga.

Ó thaobh na sochtheangeolaíchta de, is cinneadh é deireadh a chur le Seó Spóirt nach bhfuil le leas na Gaeilge.

An mbeidh sé le leas TG4?

Beidh le feiceáil cad é mar a líonfar an bhearna agus an mbeidh an dara rogha inchurtha leis ag pobal labhartha na Gaeilge?

Is tráchtaire agus craoltóir spóirt rialta é Fearghal Mag Uiginn ar BBC Thuaisceart Éireann.  

Tuairimí na rannpháirtithe 

Labhair Meon Eile le láithreoirí agus painéalaithe na sraithe faoina mothúcháin faoi dheireadh na sraithe agus faoina gcuimhní cinn. 

Dara Ó Cinnéide

Dara Ó Cinnéide, láithreoir

Cad iad na buaicphointí a bhí ann le linn do thréimhse 9 mbliana mar aoí agus mar láithreoir ar Seó Spóirt?

Bhí oiread acu ann! Bhí rud le foghlaim gach aon lá a bhí agam ar an dtolg ós na daoine iontacha a bhíodh ag teacht chughainn lena gcuid eolais a roinnt seachtain ar sheachtain. Bhaineas sásamh ar leith as comhluadar Sheán Bháin sna blianta tosaigh agus as an gcaidreamh a bhí á chruthú againn le pobal spóirt na tíre. Thug sé sásamh ar leith dom go raibh daoine ó shaol na Gaeilge á gcur ag caint ar scáileán teilifíse don gcéad uair againn go minic. Cuimhním, go háirithe ar leithéidí Gary Brennan, Tomás Ó Sé, Paul Conroy, Michael Rice agus Ciarán Kilkenny - laochra peile agus iomána atá fós ag imirt, a thuigeann an cluiche comhaimseartha níos fearr ná scata eile a bhíonn i mbun anailíse agus atá sásta a dtuairimí a thabhairt gan aon ornáidíocht ná mór is fiú. Bhí cuid mhaith des na hagallaimh a dhein Gemma Ní Chionnaith ar an mbóthar thar barr chomh maith. Seasann ceann ar leith a deineadh anuraidh le hiománaí Luimnigh, Cian Lynch, leis féin mar agallamh cruthanta, spleodrach nach mbeidh á shárú ar fáil i ndomhan CLG go ceann i bhfad.

Cad é mar atá an tráchtaireacht CLG athraithe ó thosaigh tú amach?

Toisc go bhfuil oiread borradh tagtha fés na meáin shóisialta le deich mbliana anuas, is dóigh leis an uile dhuine anois go gcaithfear cur leis an ngleo agus leis an ngíoscán atá amuigh ansan fénár gcluichí dúchasacha. Ní lia duine ná tuairim ach ní hionann san is a rá, áfach, go bhfuil fiúntas agus luach ag baint lena dtuairimí. Is iad na cluichí féin na réalta fós, beag beann ar an dtionscal atá á thógaint timpeall orthu. Níor chóir dearmad a dhéanamh air sin go deo agus measaim go bhfuil an chothromaíocht sin á cnagadh na laethanta seo.

Cad é a chrothnóidh tú fá dtaobh den am sin a chaith tú sa diallait?

Braithfidh mé uaim comhluadar na foirne a bhí liom ar an gclár go háirithe. Bhí dream beag daoine ag plé leis an gclár ach bhíodar go léir préamhaithe ina gcumainn féin agus iad ag déanamh maitheasa ina slite féin dá bpobal féin. Tháinig an cion agus an meas a bhí acu ar na cluichí Gaelacha chun tosaigh ar gach aon chlár. Cuireadh ceisteanna ba ghá a chur, cíoradh gnéithe ba ghá a chíoradh, suaitheadh daoine go raibh suaitheadh ag teastáil uathu ach bhí ómós dos na cluichí ag tús agus deireadh gach comhrá. Thuig an lucht féachana é sin agus ba mhór agam a dtuairimí i gcónaí nuair a spreagadh iad chun pinn nó chun méarchláir. Braithfead uaim é sin go mór.

Jarlath Burns


Jarlath Burns, Painéalaí

Cad é a shíl tú ag cluinstin duit faoi dheireadh Seó Spóirt? 

Tá mé buartha go bhfuil Seó Spóirt ar shiúl ar shlí na fírinne. Is annamh a fhaigheann tú irischlár mar seo a bhí chomh húdarásach agus taitneamhach agus a bhí an ceann seo. Gach uair a raibh mé ar an seó, bhí sé feiceálach go raibh a gcuid taighde déanta ag an fhoireann léirithe agus thuig said go léir an tabhacht a bhain le clár dá leithéid. Is cailliúint ollmhór é fosta an láithreoir, Dara Ó Cinnéide, mar bhí sé thar a bheith cumasach ar gach bealach; chuir sé na haíonna ar a suaimhneas agus choinnigh sé an comhrá bríomhar agus suimiúil an t-am ar fad. Tá TG4 aitheanta mar gheall ar an mheas atá acu do na cluichí gaelacha agus té mé cinnte go mbeidh clár CLG iontach in áit Seó Spóirt roimh i bhfad.

Daragh Ó Conchúir

Daragh Ó Conchúir, Painéalaí

Cad é a shíl tú ag cluinstin duit faoi dheireadh Seó Spóirt? 

Chuir an cinneadh an-ionadh orm de bharr nach bhfuil aon chlár a thugann an sórt seirbhíse sin do lucht leanúna CLG agus cluichí gaelacha go ginearálta. Phléamar rugbaí freisin, go mór mhór i rith chomórtas na Sé Náisiún ach don chuid is mó de, ba chlár é do chluichí gaelacha, a labhair faoi na cluíchí SARA thárla siad. Tá cláracha mar seo ar fáil do lucht leanúna sacair, rugbaí agus rásaíocht na gcapall mar shampla in Éirinn ach níl aon rud mar é dos na cluíchí is mó tóir sa tír. Bhí sé simplí mar fhormáid, ach bhí suim i gcónaí agus tá fós i ndíospóireacht agus plé léirsteanach - uaireanta greannmhar, uaireanta conspóideach. Ach, agus tá seo tabhachtach, ní raibh conspóid, nó buillte ar an idirlíon, mar an sprioc riamh. Bhí sé macánta i gcónaí. Freisin, bhí agallaimh le roinnt des na himreoirí mór le rá roimh na cluichí. Ní fheicimid san ar an dteilifís de ghnáth. Freisin, ba mhinic go raibh imreoirí reatha ar an glár mar shaineolaithe. Arís, cá eile a bhfaighfeá é? Agus ina measc san, roinnt des na laochra is mó a d'imir peil, iomáint, peil na mban agus camógaíocht riamh.

Táim cinnte go bhfuil botúin déanta ag TG4 deireadh a chur le ré Seó Spóirt agus go bhfuil bearna ollmhór ann anois - chuir sé ionadh orm go minic, agus mé i mo chónaí i Mainistir Éimhín i gCo. Chill Dara, áit nach bhfuil mórán Gaeilge, an méid duine a chonaic go raibh mé ar an gclár. Tá ocras ann don sórt cláir san. Táim buíoch go bhfuair mé an seans freastal air ó am go chéile.

Craolfar an clár deireadh de Seó Spóirt anocht Aoine 28ú Aibreán ar 9.45 in ar TG4.

Close
Close