TG4 ag ceiliúradh 20 bliain

TG4 ag ceiliúradh 20 bliain

Ar Oíche Shamhna 1996 a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh den chéad uair, ag cur ‘Súil Eile’ ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá an tseirbhís teilifíse Ghaeilge tar éis fás go mór ó shin.

Oíche spleodrach a bhí sa chéad oíche sin agus Baile na hAbhann faoi dhraíocht an cheoil, an damhsa agus na dtinte ealaíne. Bhí craoladh beo ó Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair an oíche sin fosta agus muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge araon ag ceiliúradh sholathar na seirbhíse Gaeilge.

Seo thíos blaisín beag den chéad uair an chloig de Teilifís na Gaeilge ar an 31 Deireadh Fómhair 1996, le cead ó TG4.

TG4 ag ceiliúradh 20 bliain

Déanfaidh TG4 ceiliúradh ar a chéad 20 bliain craolacháin ar Oíche Shamhna i mbliana le clár speisialta ’TG4 XX’ ó 9:30in lán ceoil agus comóraidh. Beidh an clár ag teacht beo ó Quad Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, ó Ionad Cois Locha i dTír Chonaill agus ó Thigh Pháidí Uí Shé i gCorca Dhuibhne.

‘Aistriú an Lóchrainn’ téama na hoíche agus beidh ceiliúradh á dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den chultúr; teanga, filíocht, amhránaíocht agus ceol.

I measc na gceoltóirí a bheas páirteach sa bheochraoladh beidh Hothouse Flowers, IMLÉ, Daithí agus Duke Special.

Agus an ceiliúradh á dhéanamh ar bhreithlá TG4, chuaigh Meon Eile i mbun cainte le roinnt Ultach a bhí le TG4 le fada an lá.

Seo ar tús tuairimí chéad Cheannasaí TnaG.

Cathal Goan

Cathal Goan
Cathal Goan

Bhí Cathal Goan ina chéad Cheannasaí ar an stáisiún agus bhí ról lárnach aige ina bhunú ón bhliain 1994. Bhí sé ann go dtí an bhliain 2000. Bhí sé ansin mar Ard-Stiúrthóir RTÉ idir 2003 agus 2010.

Bhí súile na tíre ag breathnú ar stáisiún TnaG ar Oíche Shamhna 1996, cad é mar a mhothaigh sé sin agus tú i do Cheannasaí ag an am?

Ní raibh mé ag smaoineamh ar shúile na tíre an oíche áirithe sin ach ar na mílte rudaí beaga a d’fhéadfadh a bheith as alt agus muid ag dul i mbun craolta den chéad uair le fearas digiteach iomlán úr nach raibh trialaithe mar ba cheart roimh ré. Anuas air sin bhí ceist na glacadóireachta ag brú anuas orainn óir sa cheantar féin a bhfuil ceanncheathrú na seirbhíse lonnaithe ann, bhí ar mhuintir na háite aeróga nua a fháil le bheith in ann an tseirbhís a fháil. Bhí mé sásta go maith, ó thaobh na gclár de, go mbeadh sceideal fiúntach le tairiscint againn do mhuintir na tíre agus ba údar misnigh dúinn uilig é sin creidim.

Cad é an chuimhne is fearr atá agat ón chéad 20 bliain seo de TG4?

Tá an oiread sin cuimhní agam idir olc is maith ach an rud is mó a fhanfas liom is dóiche an spiorad a bhí i measc na foirne óige sna laethanta tosaigh sin agus an fonn a bhí orthu tabhairt faoin rud nuálach agus an rud nach raibh trialaithe cheana. Agus ar ndóigh an gháire – bhí sin ann go tréan.

Ar éirigh le TG4 ‘Súil Eile’ a bhaint amach?

Is dóigh liom gur bhain TG4 áit ar leith amach di féin tríd an fhealsúnacht sin agus tríd an tsolúbhthacht agus an tsamhlaíocht atá léirithe ag lucht coimisúnaithe agus lucht déanta clár in imeacht an scór bliain sin in ainneoin easpa leanúnach airgid agus áiseanna. Tá an manadh ann a bhuí le Pádhraic Ó Ciardha, leascheannasaí na seirbhíse, agus d’éirigh leis dhul i gcion ar an phobal féachana ar bhealach spleodrach muiníneach mar mheon na seirbhíse.

Cén fhís atá agatsa don stáisiún amach anseo?

Is faoi lucht ceannais reatha na seirbhíse atá sé fís a chruthú do TG4 – ní do mo leithéid. Ach sa mhéid is gur cúis imní dom a bhfuil i ndán do na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn, bheinn ag súil go dtuigfidh ceannairí na tíre an tábhacht a bhaineann le meáin láidre neamhspleácha seirbhíse poiblí a bheith againn – cibé cad é an crut atá orthu – agus go dtabharfar an tacaíocht chuí dóibh.

Ailbhe Ó Monacháin

Ailbhe Ó Monacháin
Ailbhe Ó Monacháin

Bhí Ailbhe ar cheann de chéad láithreoirí leanúnachais TG4 agus is tuairisceoir nuachta an Iarthuaiscirt é anois.

Cén chuimhne ón chéad oíche sin de TG4, Oíche Shamhna 1996, a sheasann amach duit?

Is í an chuimhne is mó atá agam ar an oíche – chomh neirbhíseach is a bhí mé roimh dhul ar an aer. Thuig an comhlacht léiriúcháin go rabh mé féin agus Sinéad ag dul ar an teilifís den chéad uair ariamh agus ní amháin sin ach ag láithriú ócáid stairiúil ag an am chéanna. Rinneadh go leor cleachtaithe bréige agus bhí an script aontaithe agus ní rabh muid le himeacht uaithi! Bhí achan uile fhocal a bhí muid in ainm is a rá seiceáilte ag lucht ceannais an stáisiúin. Níl amhras ar bith ach gur thuig mé an tábhacht ollmhór a bhí leis an ócáid agus ainneoin go rabh bród orm a bheith roghnaithe leis an chéad uair a chloig a chur i láthair, ní rabh an t-am agam a bheith ag smaointiú ar na rudaí sin. Más buan mo chuimhne, sa leathuair roimh dhul ar an aer bhí daoine ag cur ceist orm an raibh mé ag mothú ceart go leor. Thoisigh mearchuimhní ag scinneadh fríd mo cheann – cé mé féin, mo bhród as mo chlann, as an áit inar rugadh ’s tógadh mé, as na daoine uilig sa bhaile i nGaoth Dobhair, i gCloich Chionnaola, sna Rosa agus i gCúige Uladh uilig a bhí chomh sásta domhsa agus do mo mhuintir gur mé a bhí lena dhéanamh. Gan am a bheith agam sult a bhaint as, mórtas muintire agus ceantair is dóiche, ba chosúil mé rud beag le dornálaí a bhí ag rí na héille le go ligfí isteach sa chró mé!

Aisteach go leor, ní go dtí cúpla seachtain ó shin a d’admhaigh mo mháthair gur fhan sí taobh amuigh den tseomra suite le teann neirbhíse don chéad uair an chloig sin, ar eagla go ndéanfainn botún!

Fiche bliain a bhain sé aisti sin a inse domh! Dá mbeadh a fhios aici an bhail a d’fhág na néaróga ar mo bholgsa! Bhí snaidhmeanna Ceilteacha i mo bhoilgín bocht agus Páganach fosta seans – ó tharla gur Oíche Shamhna a bhí ann!

Cuimhne mhaith eile atá agam ar an oíche, dhul chuig Óstán Connemara Coast sna Forbacha nuair a bhí an craoladh thart. Ba léir nuair a chuaigh mé isteach go rabh an áit ‘ólta’ le lúcháir. Chuala mé an oíche sin go bhfacthas daoine fásta idir fhir is mhná ag caoineadh. Ba ansin a thosaigh méid agus tábhacht na hócáide ag dul i bhfeidhm i bhfad níos mó orm. Na daoine a tháinig chugam, ag croitheamh láimhe agus ag tabhairt ‘croí mór isteach’ domh, shílfeá gur i ndiaidh pósadh a bhí mé! D’ardaigh an oíche spiorad na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí saoirse agus cearta bainte amach. Luach saothair a bhí ann do na daoine a throid go dian ar son na teilifíse Gaeilge. Bhí sé tuillte go géar ag 15 acu a chaith idir 2 agus 14 lá i bpríosún idir 1973 agus 1993 as diúltú ceadúnas teilifíse a íoc le RTE.

Cad é an chuimhne is fearr atá agat ón 20 bliain seo de TG4?

Is iomaí cuimhne dheas atá agam ar an 20 bliain atá caite sa stáisiún. Tráthnóna Geimhridh amháin bhí mé i mo sheasamh in ollmhargadh Dunnes ar imeall thiar na Gaillimhe ag iarraidh na lastóirí tine is fearr a phiocadh ón tseilf! Mhothaigh mé i ndiaidh tamaill go rabh an fear aosta seo ag stánadh orm. Sa deireadh chruinnigh sé go leor uchtaigh le theacht anall agus ceist a chur orm i nGaeilge Chonamara “Bíonn tú ar an teilifís?” “Bím,” a deirimse, “ó am go ham”. “Muise, ar seisean, “ tá tú go maith aige!” Domhsa, bhí an moladh sin ó ghnáthbhall den lucht féachana ar an cheann is deise, is ionraice agus is nádúrtha a fuair mé ó Oíche Shamhna 1996. Níos deise ná IFTA ná gradam ar bith eile atá á dtabhairt amach anois. B’as Ceantar na n-Oileán i gConamara é. Bhí comhrá breá istigh i dtoigh Dunnes againn fá chúrsaí an tsaoil! Chomh maith sin is gur chuir sé na lastóirí tineadh as m’intinn!

Má tá cead an dara cuimhne is fearr a lua, ba sin an lá sin i mí Lúnasa 2015 a fuair mé scairt go rabh post faighte agam mar thuairisceoir nuachta an Iarthuaiscirt. Bhí a fhios agam an lá sin go rabh cor úr i mo chinniúint agus go rabh mo thriall ar ais ‘na bhaile go Co Dhún na nGall!

Ar éirigh le TG4 ‘Súil Eile’ a bhaint amach?

Thuig mé ón tús cén chiall a bhí ag TnaG leis an mhana ‘Súil Eile’. Ba mhian leo a bheith difriúil. Bhí siad agus tá siad go fóill difriúil ó stáisiúin eile sa tír seo. Tá go leor déanta acu nach raibh aird go leor tugtha ag an chraoltóir stáit air. Mar shampla, tá scaipeadh níos leithne déanta acu ar an cheol traidisiúnta agus ardán tugtha d’ealaíontóirí agus oirfidigh nach gcluinfimis roimhe seo ach ar Raidió na Gaeltachta. Is cuimhne liom an tUachtarán Mary Robinson ar an oíche oscailte i 1996 ag caint ar na scéalta a bhí le hinse. Tá cuid mhaith scéalta inste agus tuilleadh le hinse go fóill. Tá meas mór ag an phobal ar na cláir faisnéise fá cheantair áitiúla, stair áitiúil agus náisiúnta. Más sin an chiall atá le Súil Eile, d’éirigh leis an mhana sin. Faraor, in amanna eile, ní thuigim cén chiall atá le ‘Súil Eile. Tá a fhios ag pobal na Gaeilge nach Súil Iomlán Ghaeilge Eile atá i TG4. Murab ionann is cuspóir an fheachtais do theilifís Ghaeilge, ba léir ón tús gur stáisiún dátheangach a bhí ann – i nGaeilge don chuid is mó. Is léir sin go fóill. Sampla de seo atá i scaipeadh agus i mbuanú chultúr an cheoil tíre Béarla Angla-Mheiriceánach ar TG4. Is maith liom an ceol tíre ceart Meiriceánach. Ach ní ar TG4 a chuartóinn sin. Do Bhéarlóirí na hÉireann, níl sna cláir seo ar TG4 (diomaite de nascanna Gaeilge ón láithreoir) ach stáisiún ‘Éireannach’ eile Béarla agus castar an cnaipe chuig cainéal ‘oifigiúil’ Béarla nuair atá an clár thart. Dhéanfadh TG4 leas na Gaeilge dá gcaithfí an t-airgead a chaitear ar ‘Ceol Tíre’ i mBéarla ar bhunú comórtas amhrán nuachumtha ceol tíre Gaeilge nó a léithéid eile d’fhiontar. Níl amhras ach go bhfuil dúil as cuimse sa Ghaeltacht sa chineal seo ceoil agus an stíl damhsa a théid leis. Bheadh sé níos Éireannaí mar phrionsabal.

Cén fhís atá agatsa don stáisiún amach anseo?

Is í an fhís atá agam do TG4 sa todhchaí go mbeadh sí ag feabhsú agus ag bláthú ina stáisiún iomlán teilifíse Gaeilge.

Niall Mac Eachmharcaigh

Niall Mac Eachmharcaigh
Niall Mac Eachmharcaigh

Tá aithne mhór ar Niall as a pháirt i Ros na Rún mar John Joe Daly. Aithnítear fosta é mar gheall ar Corp & Anam, Imeacht na nIarlaí agus CU Burn.

Cén chuimhne ón chéad oíche sin de TG4, Oíche Shamhna 1996, a sheasann amach duit?

An chuimhne atá agam ar chéad oíche TG4 nó a bheith in Óstán Ghaoth Dobhair agus ag ceilliúradh tús ré úr. Bhí bród as cuimse orm go raibh ár stáisiún féin againn sa deireadh.

Cad é an chuimhne is fearr atá agat ón 20 bliain deireanacha de TG4?

An chuimhne is fearr atá agam le 20 bliain nó ag tógáil duais Spiorad na Féile, ag Féile na Meán Ceillteach i gCorn na Breataine don dráma grinn C.U. Burn.

Ar éirigh le TG4 ‘Súil Eile’ a bhaint amach?

D’éirigh ag an tús go háirithe nuair a bhí siad ag coimisiniú cláir ó na ceantair Ghaeltachta agus ó dhaoine a raibh a saol caite acu ar maos inar gcultúr. Chuir “Big Brother” agus ‘reality tv’ deireadh leis an teilifís mar bhí a fhios againne í. Ar an drochuair tá eagla orm gur lean TG4 go leor de na cainéail teilifíse eile a chuaigh an treo sin.

Cén fhís atá agatsa don stáisiún amach anseo?

An fhís atá agam don stáisiún amach anseo nó go ndéanfadh TG4 neamhaird den treo thuas luaite agus cloí le cláir dhúchasacha. Sílim gur cheart do bhunús na gclár a bheith déanta ag comhlachtaí Gaeltachta agus comhlachtaí Gaeilge. Ach thar rud ar bith eile ba mhaith liom teanga na Gaeilge a chluinstin mar an phríomhtheanga cumarsáide ag TG4 agus ag na comhlachtaí atá ag soláthar cláir dóibh. Tá 20 bliain imithe ó bhí orainn saineolas a thabhairt isteach nach raibh Gaeilge acu. Níl an leithscéal sin againn inniu ach tá muid níos faide ar chúl ó thaobh na Gaeilge de anois nó bhí muid an t-am sin.

Deirbhile Ní Churraighín

Deirbhile Ní Churraighín
Deirbhile Ní Churraighín

Láithreoir leanúnachais a bhí i nDeirbhile Ní Churraighín agus chaith sí na blianta ag déanamh cláir éagsúla do TG4. Is Feidhmeannach Ceannacháin TG4 í anois.

Cén chuimhne ón chéad oíche sin de TG4, Oíche Shamhna 1996, a sheasann amach duit?

Bhí mise thuas i nGaoth Dobhair don Oireachtas agus bhí stoirm mhilteanach ann. Bhí grúpa drumadóirí liom ó Dhoire ‘A Different Drum’ le seinnt ar mo chúl do mo chéad phíosa ceamara ó taobh amuigh d’Óstán Ghaoth Dobhair. Bhí drúmaí difriúla ann agus is é an Lambeg an chéad uirlis a bhí ar TG4 riamh! Bhí gúna éadrom orm agus thug Áine ón raidió cóta dom mar go raibh sé milteanach taobh amuigh leis an stoirm. In Óstán Ghaoth Dobhair bhí daoine le cuireadh thuas staighre san óstan ach bhí an chraic ar fad thíos staighre, áit a raibh slua mór ag féachaint ar an scáileán mhór agus an stáisiún ag tosú. Bhí daoine as na Gaeltachtaí ar fad ann.

Caidé an chuimhne is fearr atá agat ón 20 bliain deireanacha de TG4?

Tá sé deacair le rá mar go bhfuil an oiread sin cuimhní agam. Rinne mise seónna difriúla do TG4 agus bhí mé i gcónaí amuigh ar an bhóthar leo. Bhí an-dúil agam a bheith ar an bhóthar. Seasann Gradam Ceoil TG4 amach fosta. Bhí an-mheas ag ceoltóirí ar an ghradam agus ócáid mhór a bhí ann achan bhliain. Chuir mise i láthair bliain amháin é. Sílim gur seoid i sceideal TG4 é agus is ócáid mhór í a chruthaigh muid féin.

Ar éirigh le TG4 ’Súil Eile’ a bhaint amach?

Gan dabht ar bith. An rud is mó atá déanta ag TG4 agus a dhéanann iontach bródúil mé ná go bhfuil muid tar éis stádas na teanga a ardú. Is stáisiún idirnáisiúnta muid atá ar fáil saor in aisce ar líne in achan chearn den domhan ó Alaska go dtí an Afraic. In Éirinn go háirithe atá stádas na Gaeilge ardaithe ag TG4. Tá a fhios ag muintir na tíre cé muid agus cad hiad na cláir atá againn dóibh. Tá cláir ann faoi choinne achan duine agus is éacht é sin. Tá RTÉ 1 agus 2 ann, tá BBC 1, 2, 3 agus 4 ann ach níl againne ach cainéal amháin agus caithfidh muid cinntiú go bhfuil seoid ann d’achan duine.

Cén fhís atá agatsa don stáisiún amach anseo?

Ba bhreá liom níos mó drámaíochta a bheith againn ar TG4. Tá ceann úr ‘Fir Bolg’ ag tosú go luath agus tá sé go hiontach ach bheadh sé go hiontach dá mbeadh sé d’acmhainn againn níos mó drámaí a chur ar fáil, níos mó cláir bheo a dhéanamh agus níos mó smaointe a thabhairt chun críche. Tá go leor smaointí maithe ann ach uaireanta bíonn sé deacair an t-airgead cuí dóibh a aimsiú. Beidh orainn cinntiú fosta go mbeidh muid ag tabhairt linn páistí agus déagóirí agus go leanfaidh siad orthu amach anseo ag féachaint ar TG4. Cuireann muid neart ábhair Ghaeilge ar fáil do pháistí agus déagóirí agus caithfidh muid iad a thabhairt linn. Is é an lucht féachána an chuid is tábhachtaí de TG4 agus go mbeidh siad i gcónaí linn.

Close
Close