Bosca: An bhfuil an téarma ‘Gaelscoilis’ maslach?

Is téarma é ‘Gaelscoilis’ a chaitear thart anois is arís agus plé á dhéanamh faoin Ghaeilge atá ag roinnt páistí ar Ghaelscoileanna timpeall na tíre.

Comhréir an Bhéarla ar a gcuid Gaeilge a bhíonn i gceist leis an Ghaelscoilis an chuid is mó den am.

Bíonn barúlacha éagsúla ag daoine faoin téarma, agus faoin fheiniméan féin.

An téarma maslach é?

An ann don Ghaelscoilis seo, agus má tá, an bhfuil sé ag déanamh dochair do thodhchaí na Gaeilge?

Bhí cuid mhór cainte faoi go speisialta le déanaí ar na meáin shóisialta.

Mar sin, chuir Meon Eile an cheist; “An bhfuil an téarma ‘Gaelscoilis’ maslach?”

An bhfuil an téarma ‘Gaelscoilís’ maslach?
Close
Close