Is tús nua atá san Athbhliain agus i ndiaidh thréimhse na Nollag bíonn cuid mhaith daoine ag iarraidh tabhairt faoi rún na bliana úire. In amannta éiríonn muid as milseáin nó alcól, nó bíonn sé de sprioc againn a bheith níos sláintiúla nó níos aclaí.
Rogha eile ná a bheith níos slachtmhaire sa bhaile agus ‘glanadh amach’ a dhéanamh ar na seánéadaí nár chaith muid an bhliain ar fad.
Thug Meon Eile cuairt ar Moya Ní Dhuagáin atá i mbun an chuntais Instagram ‘Environmental Éadaí’ agus a thugann comhairle agus eolas faoin dóigh a bheith níos cinéalta don timpeallacht agus saol inbhuanaithe a chaitheamh.
Tá comhairle iontach ag Moya do dhuine ar bith atá ag glanadh amach vardrús s’acu agus muid sa bhliain úr anois; déan iarracht a bheith dian ort féin agus socraigh malartú éadaí le do chairde fiú!
Thig leat Environmental Éadaí a leanúint anseo.