Script Nua don tSláinte Mheabhrach

D'óstáil Glór na Móna i gcomhar le PPR sraith cainteanna faoin mheabhairshláinte i mBéal Feirste. Bhí siad sa Ghailearaí Fhada in Stormont ar na mallaibh faoi choinne cainte leis an Ollamh John Reed. Is ollamh le síceolaíocht chliniciúil é John Reed a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. Bhí sé i gceannas ar phlé ar an lá ar dhiagnóis agus drugaí frithdhúlagráin mar fhreagra ar anacair an duine.

Ba é aidhm na gcainteanna a fháil amach an é drugaí a fhorordú do dhaoine an freagra i gcónaí nuair a cruthaíodh go bhfuil seisiúin síciteiripe níos éifeachtaí agus iad ag déileáil le dúlagar agus imní. 

Tá an feachtas New Script for Mental Health á reáchtáil ag PPR le roinnt blianta anuas. Tá sé mar aidhm acu Script Nua” don Mheabhairshláinte a fhorbairt le chéile, bunaithe ar chearta an duine agus ar phrionsabail atá bunaithe ar an tráma.

Léirigh staidéir a rinneadh anuraidh go dtógann duine as gach cúigear sna sé chontae drugaí frithdhúlagráin agus go nglacann duine as gach ceathrar i nDoire agus in Iarthar Bhéal Feirste drugaí frithdhúlagráin. Cé go bhfuil taidghe déanta a léiríonn go bhfuil na chomairleoireacht i bhfad níos éifeachtaí ná drugaí le dul i ngleic leis na ghalar dhubh, caitear £13 milliún gach bliain ar na drugaí seo agus caitear £2 mhilliún ar an chomhairleoireacht.

Thug Meon Eile cuairt ar Stormont chun éisteacht leis na cainteanna agus labhair muid leis an DochtúirFeargal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna. Rinne sé plé ar na cúiseanna atá ag corparáidí cógaisíochta a dhéanann brabús ar na daoine seo atá á ndiagnóisiú agus ag brath ar dhrugaí frithdhúlagráin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar New Script le PPR anseo.

Close
Close