Draíocht an Dúlra - albam nua le Gráinne Holland

Tá an tsraith cheoil seo ag díriú ar amhránaithe agus ar cheoltóirí a bhfuil albam nua eisithe acu ar na mallaibh.

San eagrán seo, bhuail Meon Eile le Gráinne Holland, ceoltóir agus amhránaí as Béal Feirste atá ag eisiúint ceoil ó bhí 2011 ann. Ó shin i leith, tá albaim curtha amach aici agus ceolchoirmeacha déanta aici in Éirinn agus thar lear. I mbliana d’eisigh sí an leabhar ceoil Draíocht an Dúlra. Leabhar do pháistí atá ann faoin nádúr agus faoi roth na séasúr.

Labhair muid le Gráinne faoi Draíocht an Dúlra agus mhínigh sí an leigheas a aimsíonn sí sa nádúr agus an tábhacht atá ann go mbeidh eolas ag páistí faoi shean-nósanna na hÉireann maidir leis an dúlra agus le roth na bliana. Dúirt Gráinne fosta gurb é a spreag í an leabhar seo a fhoilsiú ná an sult a bhain sí as bheith ag cumadh Ceol na Síog, leabhair ceoil eile a chuir sí amach in 2021 agus atá dírithe ar dhraíocht agus ar scéalta na sióg in Éirinn.

Beidh seó beo do pháistí bunaithe ar an leabhar ag taisteál thart ar Chúige Uladh go luath chomh maith.

Thig leat níos mó a fháil amach faoi Ghráinne agus Draíocht an Dúlra anseo.

Close
Close