Albaim Rap cheoil seolta ag Torby

Le deireadh a chur leis an tsraith úr ina mbíonn muid ag féachaint ar cheoltóirí/amhránaithe Éireannacha a d’eisigh ceol nua le déanaí, labhraíonn Meon Eile le Torby, rapálaí as Béal Feirste a sheol a chéad albam i mí Iúil na bliana seo caite.

Bhí an-suim ag Conor Torbóid sa rapcheol ó bhí sé ina dhéagóir agus tá sé ag scríobh a chuid rapcheoil féin ó shin. I gcaitheamh na mblianta, d’fhorbair sé a chuid scileanna mar liriceoir agus thosaigh sé ag taifeadadh albaim anuraidh. 

Eisíodh an t-albam, Chicken Sambos, i lár an tsamhraidh seo caite agus ó shin i leith, tá roinnt gigeanna seinnte ag Torby. Ainmníodh don duais ‘Nuatheachtaí na Bliana’ é ag Gradaim NÓS chomh maith.

Bhuail Meon Eile le Torby chun foghlaim faoin phróiseas scríbhneoireachta s’aige agus cuid de na rapálaithe a spreagann é.

Close
Close