Súil Siar - Trealamh Nua-aimseartha

Inniu tá críoch á cur leis an tsráith ‘Suil Siar’ le muintir Ghaeltacht Thír Chonaill ag caint faoin trealamh nua-aimseartha a bhí thart orthu agus iad ag fás aníos.

Tá an oiread sin dul chun cinn déanta maidir le teicneolaíocht le tamall anuas gur beag duine nach bhfuil fón cliste acu, iPad nó iPod.

Tá muid ag brath go chuile is go hiomlan ar ár dteicneolaíocht anois agus níl a dhath nár feidir linn a fháil amach faoi ar an idirlín.

Ní gá dul chuig na siopaí chun páipéar nuachtáin a phiocadh suas mar tá sé uilig le léamh ar líne 24 uair, seacht lá sa tseachtain.

Ní bhíonn an bhéim chéanna ar an teagmháil phearsanta is a bhí, mar is féidir linn comhrá le cibé duine ar shuíomhanna na meán sóisialta gan an teach a fhágáil ar chor ar bith.

Tá an teicneolaiocht nua-aimseartha i gceannas faoi láthair ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí…

Ní fada an lá ó shín nach raibh fón i dteach ar bith ach amháin in oifig áitiúil an phoist i nGaeltacht Thír Chonaill. Ní raibh a leithéid de ‘Facebook’ ná ‘Twitter’ ann, níor mhothaigh daoine iomrá ar ríomhaire fiú.

Cluintear ón seisear Maggie Uí Ghallchóir; Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir faoin dóigh ar tháinig an teicneolaíocht chun cinn sa cheantar bheag seo, macasamhail an chéad ghutháin a tháinig isteach agus an dóigh ar ghlac siad leis an chéad teilifís.

súil siar - Trealamh Nua-Aimseartha

Ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil leis an seisear a ghlac páirt sa tsraith seo agus as a gcuid scéaltaí grinn agus cuimhní speisialta a roinnt linn.

Close
Close