An tseachtain seo ar ‘Mná tí – a scéal’ tá muid i gcroílár na Gaeltachta i mbaile Anagaire. Is anseo atá cónaí ar Fhionnuala Mhic Giolla Bhríde.
Tá Fionnuala ag coinneáil scoláirí le beagnach 27 bliain anois, agus girseachaí sa teach aici an t-am ar fad. Tá Fionnuala breá cleachtaithe le girseachaí agus beirt aici féin.
Tógadh Fionnuala le scoláirí mar gur choinnigh a máthair scoláirí cosúil le cuid mhór den ghlúin a tháing rompi.
Tá difear mór idir an lá atá inniu ann agus an dóigh a raibh sé nuair a bhí FIonnuala óg ag éirí aníos in Anagaire. Ní raibh cuisneoirí ar bith sna tithe ag an am agus bia úr uilig a bhí ann, agus a gcuid glasraí féin á fás acu fosta. Deireann Fionnuala í féin gurbh obair chrua a bhí ann.
Bhí luach mór ar na scolairí a choinneáil i gconaí agus is iomaí teach a tógadh leis an airgead agus is iomaí páiste a chuaigh fríd an oideachas leis fosta.
Tá ceangal deas ag Fionnuala leis na scoláirí a bhí aici thar na blianta ach dar léi nach mbeidh aon duine ag coinneáil scoláirí sa teach ina diaidh.