“Ceist agam ortsa, a chara:
Cé acu is fearr i do mheas,
A bheith i do chónaí ó thuaidh
Nó bheith i do chónaí ó dheas?”
Seo an cheist atá á plé ag Siún McSherry agus Eimear Drain as Bunscoil Phobal Feirste in agallamh na seachtaine seo. Ba é an file Conallach Pádraig Mac Suibhne a scríobh an t-agallamh greannmhar seo a thugann ábhar macnaimh dúinn…
“Thuaidh agus Theas”
le Pádraig Mac Suibhne
Cailín 1
Ceist agam ortsa, a chara:
Cé acu is fearr i do mheas,
A bheith i do chónaí ó thuaidh
Nó bheith i do chónaí ó dheas?
Cailín 2
Cad é faoin spéir atá cearr leat?
Nó cad é a chuir sin i do cheann?
Cuireann tú ceist go minic
Is go minic gan freagra ann.
Cailín 1
Ní uaimse a tháinig an cheist,
An múinteoir a chuir orainn í;
Bíonn “Tráth na gCeist” sa rang againn
Cúpla uair sa mhí
Bhí ceann againn ar maidin,
Gnáthcheisteanna a bhí ann
Ansin chuir sí an cheist sin
Is tá sí go fóill i mo cheann.
Cailín 2
Thiocfadh leat í a fhreagairt
Le ceisteanna uirthi féin;
“Bhfuil na háiteanna seo sa bhaile
in Éirinn nó i bhfad i gcéin?
An tír nó domhan nó dúiche
Atá i gceist leis an cheist ar dtús?
Nó an é nach bhfuil ann ach magadh
Gan chuspóir cheart, ná cúis?”
Cailín 1
Ó! Tím an rud atá i gceist agat,
Agus níl do chaint gan chéill:
Tá thuaidh is theas sa domhan mór
Is sa bhaile in Éirinn féin.
Nuair a amharcaim ar léarscáil na tíre
Ag an bharr tá Doire ann,
Tá Áth Luain istigh i lár báire
Agus Corcaigh thíos ag an bhun.
Cailín 2
Ach sílim gur greanmhar mar athraíonn
Ciall na bhfocal iad féin
Go háirithe anseo in Éirinn
Gan trácht ar aon áit i gcéin.
Bíonn daoine ag dul go Tír Chonaill
A deir go dtéann siad ó dheas
Deir Daideo nach bhfuil a fhios acu
An difear idir thuaidh is theas.
Cailín 1
Cé acu ab fhearr leat a dúirt sí,
Beith i do chónaí ó thuaidh nó ó dheas?
Ach anois an rud nach dtuigim,
An ceist a bhí ann nó cleas?
An raibh sí ag caint faoin domhan mór
Nó faoin tír seo s’againne féin?
An raibh sí ag caint faoi “thuas” nó “thíos”
Nó áit ar bith faoin ghréin.
Cailín 2
Fág sin mar atá go fóill
Agus amharc ar an scéal mar seo:
Ar bharr tá an Moll Thuaidh
Is sa lár tá na tíortha teo.
Nár chuala muid riamh i gcónaí
Go dtuigeann na héin a leas,
Nuair a éiríonn an aimsir cruaidh
Go dtéann siad síos, ó dheas.
*
Cailín 1*
Bíonn sioc agus sneachta ó thuaidh
Gach uile lá sa bhliain,
Bíonn sé fuar agus gruama dorcha
Mar is annamh a éiríonn grian.
Ach de réir mar a théann tú ó dheas
Bíonn an ghrian go hard sa spéir,
Bíonn an samhradh breá fada i gcónaí
Is an teas ann an t-am go léir.
Cailín 2
Is fíor duit, is fíor duit, cinnte,
Ach níor mhaith liom áit mar sin,
An saol nach n-athraíonn choíche
D’fhágfadh sé d’aigne tinn.
Is fearr liom an áit a bhfuil mé
Leath-bhealaigh idir fuacht is teas
Bíonn na séasúir ag athrú i gcónaí
Agus sílimse sin a bheith deas!