Garsprioc Stairiúil: Conradh na Gaeilge – 130 bliain ar an fhód

Bhí ceiliúradh ollmhór ann oíche Dé Luain i Halla na Cathrach i gcroílár Chathair Bhéal Feirste mar gheall ar chlochmhíle i stair Chonradh na Gaeilge: an 31 Iúil 1893, is é sin 130 bliain ó shin, bunaíodh an eagraíocht teanga i mBaile Átha Cliath.

Bhí Conradh na Gaeilge agus cairde an eagrais ag ceiliúradh na hócáide stairiúla le chéile agus oíche ghalánta a bhí ann ó thús deireadh.

Bhí ceol binn le cloisteáil ó Phiaras Ó Lorcáin agus Bláithín Mhic Cana, chomh maith le Lauren Ní Néill agus Eugene McKenna. Bhí ábhair iontach ar taispeáint ó chartlann Chonradh na Gaeilge mar aon le píosa drámaíochta le Conor Torbóid. Bhí Ardmhéara Bhéal Feirste, Ryan Murphy, i láthair fosta agus labhair sé ag an imeacht, in éineacht le hUachtáran Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin.

Labhair Meon Eile le Paula agus leis an Bhainisteoir Cumarsáide, Pádraig Ó Tiarnaigh.

Close
Close