Gaelscoil na bhFál, curaidh Chorn Uí Mhuirí

Chuaigh Gaelscoileanna Chontae Aontroma chun páirce in iarthar Bhéal Feirste i dtrí chomórtas éagsúla ag Féile Peile Ghaelscoileanna Bhéal Feirste; Corn Liam Uí Mhuirí, Corn Choláiste Feirste agus Sciath Laochra Loch Lao.

Tá an fhéile peile ar an fhód le breis agus 10 mbliana anois agus bhí os cionn 300 imreoir, idir buachailllí agus chailíní, páirteach i gcomórtas na bliana seo a reáchtáladh ar pháirceanna imeartha Chumann Rossa agus Chumann na Sáirséalach.

Ba iad Gaelscoil na bhFál a bhuaigh mórdhuais an lae, Corn Liam Uí Mhuirí, agus bhuaigh foireann B na scoile Pláta Choláiste Feirste.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta ar an lá, labhair muid le himreoirí agus lucht eagraithe faoi oidhreacht Liam Uí Mhuirí agus bláthú na peile Gaelaí i mbunscoileanna an chontae.

Corn Uí Mhuirí
Close
Close