Réiteach faighte in aighneas shacar na mban.... ach an leor an dul chun cinn seo?

Tá sé tugtha le fios ag foireann ban sacair na hÉireann go bhfuil siad míshásta faoin dóigh a bhfuil Cumann Sacair na hÉireann (FAI) ag caitheamh leo.

Dúirt na himreoirí, ag preasócáid i mBaile Átha Cliath Dé Máirt, nach bhfuil siad ag fáil cúiteamh cóir airgid nuair atá siad i mbun dualgas idirnáisiúnta.

Thug siad le fios fosta go raibh siad gann ar áiseanna aclaíochta agus go raibh orthu íoc as a mballraíocht ghiomnáisiam féin, agus nach raibh duine ar bith fostaithe le comhairle chothaitheach a thabhairt daofa ach an oiread

Dúirt siad go raibh orthu a gcuid cultacha spóirt a roinnt leis na foirne faoi aois, agus dá bharr seo go raibh orthu a gcuid éadaí a athrú i leithris phoiblí ag an aerfort go minic.

"We are looking for the basics. In the past we have been getting changed in public toilets on the way to matches, this just highlights the lack of respect, it's not a lot we are looking for, just the basics," a dúirt an t-imreoir, Aine O’Gorman.

Deir captaen na foirne, Emma Byrne, "We are fighting for the future of women's international football, this isn't just about us,”

Tá cluiche beartaithe idir Éire agus an tSlóvaic ar an tseachtain seo chugainn, ach bhí foireann na hÉireann ag bagairt dul ar stailc.

Bhí an fhoireann as láthair ag an seisiún traenála inné, agus bhí cruinniú ag an fhoireann leis an FAI aréir go mall san oíche.

D’eisigh an FAI ráiteas ag 3.30 maidin inniu ag tabhairt le fios gur tháinig an dá thaobh ar réiteach sásúil.

Pillfidh na himreoirí ar sheisiún traenála inniu roimh an chluiche in éadan na Slóvaice, a bheas ar siúl i Staid Thamhlachta Dé Luain.

Sheas foireann ban na hÉireann an fód agus d’éirigh leo sa deireadh, ach an leor an dul chun cinn seo?

An bhfuil tús áite ag foireann na bhfear go fóill? Agus an bhfuil an scéal céanna amhlaidh i measc spórt eile?

Labhair muid le triúr ban inné i mBaile Átha Claith faoina gcuid tuairmí féin faoin aitheantas do spórt na mban.




Close
Close