Ag cur chun cinn na Gaeilge ar an Pháirc Pheile

Bhí páirc pheile Áit Tí Chathail GAC dubh le daoine an tseachtain seo caite nuair a ghlac 148 páistí páirt i mblitzchomórtas peile. D'imir naoi scoil áitiúla, a raibh dhá cheann acu ina nGaelscoil, roinnt cluichí do Sheachtain na Gaeilge.

 Ba í aidhm na hócáide daltaí ó na scoileanna Béarla a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid leis na daltaí Gaelscoile taobh amuigh den tseomra ranga. Tá sé de rún ag na seacht scoil Bhéarla áitiúla tús a chur le múineadh na Gaeilge i mí Mheán Fómhair agus beartaíodh an t-imeacht spraíúil gníomhach seo chun tús a chur le haistear Gaeilge na ndaltaí. 

Bhuail Meon Eile isteach ag club Áit Tí Chathail GAC chun tuilleadh a fháil amach ó Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge an cheantair, faoi spreagadh na Gaeilge i measc an aosa óig. Labhair muid le Rachel Nic Roibín fosta, múinteoir de chuid Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, agus beirt daltaí a bhí ar bís páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Close
Close