Todhchaí na hÉireann á plé i mBaile Átha Cliath

Bhuail daoine as gach cearn den tír le chéile i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn don chomhdháil mhór ‘Todhchaí na hÉireann’. 

Bhí idir pholaiteoirí, ghníomhaithe, chraoltóirí, aisteoirí, cheoltóirí agus ghnáthbhaill an phobail i láthair le plé a dhéanamh ar an chruth a bheadh ar Éirinn athaontaithe agus ar na buntáistí agus míbhuntáistí éagsúla a bheadh ag baint le stát nua.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an 3 Arena le héisteacht leis an dioscúrsa agus labhair muid le ceathrar ón Tuaisceart a bhí i measc an tslua mhóir a bhí sa phríomhchathair don lá le freastal ar an chomhdháil.

Seo thuas tuairimí ó Aodhán Ó Baoil as Port na Binne Uaine, Barra Ó Muirí as Contae Ard Mhacha agus Ferdia Mac Cosain agus Tomás Ó Néill as Béal Feirste.

Close
Close