Scéal an fhéinbháis

Lá Domhanda Feasachta i leith Meabhairghalair a bhí ann Dé Sathairn agus bhí go leor imeachtaí ar siúl ar fud na cruinne chun tacú leis.

Cuireadh béim ar thuisicint a chothú faoin ghalar i mbliana, ag iarraidh deireadh a chur leis an stiogma atá ceangailte leis.

Foilsíodh le déanaí go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is measa i dtaobh an fhéinbháis de san Eoraip.

Tá an féinbhás i measc dhéagóirí na hÉireann dhá oiread níos airde ná an meánráta san Eoraip.

Tá na huimhreacha ag gabháil in airde achan bhliain agus tá sé soiléir go bhfuil go leor le déanamh go fóill againn le dul i ngleic leis an fhadhb seo agus straitéis náisiúnta a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Inniu ar Meon Eile labhraíonn muid le Kathleen Ní Shearcaigh as Tír Chonaill. Chaill Kathleen a deartháir Antoin, dhá bhliain ó shin, nuair a chuir sé a lámh ina bhás fein.

Sa mhír seo cluineann muid scéal Antoin, fear cairdiúil agus múinte a bhí ann dar le Katheen. Fear a bhí cliste agus a d’obair go crua lena ghairm a bhaint amach. Fear a raibh a chroí istigh sa cheol agus an damhsa aige.

Ach fear a chaith na blianta ag streachailt agus a bhí faoi bhrú leis an ghalar meabhrach.

Cluineann muid inniu ón té ata fágtha croíbhriste nuair a chuireann duine gar dá gcroí a lámh ina bhás féin.

Scéal Kathleen

Tá Kathleen anois tiomanta agus ag iarraidh cuidiú le daoine atá ag gabháil fríd an chruachas céanna agus leo súid a chaill daoine ar an dóigh chéanna ar chaill sí a dearthair beag.

Tá Kathleen anois ag obair ar thógra úr ar chuala sí faoi, ‘Tree of Hope’.

Cuireann siad crainn sa talamh in ómos daoibh súid atá imithe ar shlí na fírinne agus do na teaghlaigh atá fágtha croíbhriste ina ndiaidh.

Tá dhá chrann curtha ag Kathleen go dtí seo. Ceann amháin ar an Chlochán Liath agus ceann ar Oileán Thoraí agus í ag iarraidh leanúint ar aghaidh agus neart eile a chur.

Kathleen agus a dearthair Jimmy McGinty, ag cur an crann docháis ar Oileáin Thoraigh
Kathleen agus a dearthair Jimmy McGinty, ag cur an crann docháis ar Oileáin Thoraigh

Má tá tú ag iarraidh labhairt le duine faoin ábhar seo féach ar na nasc atá thíos

Close
Close