Laochra Mac Iomaire: Bunaitheoir Gaeilge!

Tá oifig úrnua ag Gaeilge!, comhlacht de chuid Laochra Mhic Iomaire, suite i bhFáilte Feirste Thiar, díreach os comhair na Cultúrlainne agus i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Bunaíodh an comhlacht breis agus dhá bhliain ó shin nuair a chinn Laochra greamáin Ghaeilge a dhíol ag léirsiú an fheachtais 'Acht Anois' agus tacú le costas an mhórshiúil. Níor tháining an t-ordú go dtí i ndiaidh an lae mhóir áfach, agus mar sin de, bhí Laochra fágtha le 5000 greamán. Bhunaigh sé leathanach Instagram ag an am agus ó shin tá an comhlacht i ndiaidh fás agus forbairt a dhéanamh agus réimse leathan d'earraí ar fáil acu.

Chaith Laochra an samhradh is déanaí sa Phalaistín, ag obair in Ionad Lajee i gCampa Aida. Bhí deichniúr eile ar an chúrsa leis, ceathrar acu as Éirinn agus beirt acu ag foghlaim Gaeilge ag an am. Thóg Laochra roinnt greamán leis chun tabhairt amach agus ba ansin a spreagadh an comhoibriú idir Gaeilge! agus Ionad Lajee. 

Tá breis agus £10,000 bailithe ag Gaeilge! don charthanacht go dtí seo, rud a chuireann go mór leis an obair iontach atá á déanamh ag muintir Ionad Lajee i gCampa Aida. Téann 100% den bhrabús ó na greamáin Phalaistíneacha agus ó na hearraí a bhfuil suaitheantas Palaistíneach orthu chuig daoine ar an láthair in Lajee.

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh Gaeilge! anseo agus an comhlacht a leanstan ar Instagram anseo. 

Close
Close