Gradam Raidió Fáilte 2024

Bronnadh an chéad Ghradam Raidió Fáilte riamh ar Mháire Nic Fhionnachtaigh ar Lá Fhéile Bríde 2024 as ucht na mblianta a chaith sí ag obair le Raidió Fáilte agus ar son an phobail Ghaelaigh i mBéal Feirste. D’éirigh Máire as a post ar na mallaibh i ndiaidh di breis agus fiche bliain a chaitheamh mar bhainisteoir airgeadais na heagraíochta.

 Ag labhairt dó faoi thionchar Mháire ar Raidió Fáilte, dúirt bainisteoir an stáisiúin, Cillian Breatnach, “nach mbeadh ann do mhórchuid an fháis agus na forbartha san eagraíocht gan Mháire, a d’aimsigh tromlach an mhaoinithe don stáisiún.”

 Chuir Caoimhe Ní Chathail an ócáid i láthair agus thug dlúthchairde de chuid Mháire, Máire Nic Sheáin agus Áine Ní Churraoin, óráidí ar an oíche. Bhronn Áine Nic Gearailt pictiúr ar Mháire i ndiaidh na n-óráidí maoithneacha.

Ba í seo an chéad ócáid dá leithéid i Raidió Fáilte agus tá an stáisiún Gaeilge Feirsteach ag iarraidh a leanúint leis an ghradam amach anseo. Déanann sé ceiliúradh ar agus tugann siad aitheantas do mhná a oibríonn chun pobal na Gaeilge a chur chun cinn.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid agus bhí comhrá spreagúil againn le Máire í féin. Dúirt sí go raibh sí an-sásta agus gur thaitin coincheap an ghradaim go mór léi. 

Labhair Meon Eile le bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach, a dúirt go bhfuil súil aige go spreagfaidh an gradam seo tuilleadh ban le bheith ag obair in earnáil na meán Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close