Gradaim Gnó bronnta ar Chaifé Ceoil

Is scéim aitheantais é ‘Gradaim Gnó na hÉireann’ a thugann duaiseanna amach gach bliain do ghnólachtaí áirithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ina gcuidn seirbhísí. I mbliaina, bronnadh na Gradaim i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Ar cheann de na gnólachtaí a fuair trí bhonn óir ar an lá bhí Caifé Ceoil, atá suite ar Bhóthar Aontroma i dTuaisceart Béal Feirste.

Osclaíodh Caifé Ceoil i mí Iúil 2022 agus tá sé ag fás agus ag forbairt go tréan ó shin. Is in Áras Mhic Reachtain atá an caifé lonnaithe agus cuireann sé scoth an bhia ar fáil i nGaeilge don phobal áitiúil go laethúil. 

Labhair muid le Ciarán Ó Cruadhlaoic atá i mbun an chaifé faoin bhród a mhothaigh siad mar fhoireann nuair a bhain siad an Gradam agus an sprioc atá acu chun an Ghaeilge a fhorbairt sa cheantar. Labhair muid fosta le Dearbháile Ní Fhionnail a oibríonn mar Oifigeach Forbhartha Gnó sa chaifé faoi na rudaí a dhéanann sise le daoine a mhealladh thar thairseach isteach.

Close
Close