Craobh Abair 2024

Chruinnigh daltaí scoile as gach cearn de Chúige Uladh in Aonach Mhacha ar na mallaibh do Chraobh Abair 2024. Bhí scoth na cainte poiblí le cluinstin i gCathair Ard Mhacha ag an chomórtas óráide a reáchtálann Gael Linn go bliantúil. Ócáid thar a bheith spreagúil ar pléadh réimse leathan topaicí aici, roghnaithe agus scríofa ag na daltaí féin. 

Ba iad Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Boirche Íochtair agus Caitlín Mhic Naois, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Cumann Gaelach Leath Chathail, na moltóirí ar an lá agus is cinnte go raibh post dúshlánach rompu. Bhí an deis againn labhairt le Ruairí i ndiaidh an chomórtais, chomh maith le Póilín Uí Cheannúbháin, Feidhmeannach Chúige Uladh ag Gael Linn.

Labhair muid le hIarlaith, dalta atá i mBliain 13 ag Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá. Rinne Iarlaith plé ar chaighdeán na peile in Éirinn agus ar chóras an Chumann Lúthchleas Gael. Tharraing sé ar a thaithí féin ar an pheil Ghaelach chun sáróráid a thabhairt ar an spórt.

Fuair na buaiteoirí ar fad leathscoláireacht do choláiste samhraidh de chuid Gael Linn i mbliana, idir Machaire Rabhartaigh agus Bun an Inbhir, rud a rachaidh go mór i bhfeidhm orthu.

Close
Close