Ceangal G - Ag spreagadh turasóireacht chultúrtha

Tháinig roinnt gnóthaí as Gaeltacht Dhún na nGall le chéile ag ceardlann margaíochta de chuid ‘Ceangal G’.

Bunaíodh ‘Ceangal G’ i Meán Fómhar na bliana anuraidh faoi chathaoirleacht Donnie Munro. Tionscnamh maoinithe ag an Aontas Eorpach é CeangalG agus is í an aidhm atá aige ná treisiú ar an chomhobair idir aisínteachtaí san earnáil phoiblí i gceantair teorann in Éirinn agus in Albain.

Bhí Fionbar Ó Baoill i mbun na ceardlainne margaíochta a bhí ar siúl in Aerfort Dhún na nGall. Bhí an t-ábhar dírithe ar an turasóireacht agus an bealach ina dtig leat an saol Gaelach a mharagú sna stíleanna úra atá ar fáil tríd na meáin shóisialta i láthair na huaire.

Bhí Moira Ní Ghallachóir as ‘Rock agus Roam’ i láthair. Chuir Moira tús lena gnó bliain ó shín tar éis tamall fada a chaitheamh ar an choigríoch. Tá ‘Rock agus Roam’ bunaithe ar eachtaí taobh amuigh mar dhreapadóireacht, seoltóireacht, siúl sléibhe, dráma, ióga agus go leor eile.

Dúirt Eilis Barrett ó Aerfort Dhún na nGall go raibh luach agus tábhacht mhór le plean margaíochta a bheith ag gnó ar bith sa lá atá inniu ann le turasóirí a mhealladh chuig an cheantar agus go háirithe leis an aerfort mar áis acu.

Ceardlann margaíochta ag Ceangal G

Seoladh an chéad ‘SpreaG Fís’ le déanaí. Tá na físéain seo bunaithe ar ghníomhaithe spreagúla teanga as Éirinn agus Albain.

Tá Gearóid Ó Cairealláin as Béal Feirste sa chéad fhíseán atá le feicéail ar an nasc atá thíos.

Close
Close