Bigil ag meán oíche i mBéal Feirste


Eagraíodh bigil ar fud na hÉireann ag meán oíche Dé Máirt mar agóid chiúin i gcoinne ionsaithe Iosrael ar mhuintir na Palaistíne le 200 lá anuas. Ó bhí an 7 Deireadh Fómhair 2023 ann, mharaigh fórsaí Iosrael breis agus 33,000 duine, 14,000 acu a bhí ina bpáistí.

Thug Meon Eile cuairt ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste, áit a raibh slua mór bailithe le coinnle ina lámha acu chun dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín a léiriú. Labhair muid le Brian Mac an tSionnaigh ó Gaels against Genocide agus phléigh sé an obair leanúnach atá ar siúl acu chun tacú leis an Phalaistín agus le muintir na tíre.

 Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close