An Luan Gorm: an lá is gruama den bhliain


Tugtar 'An Luan Gorm' ar an lá is gruama den bhliain - an lá is mó a mhothaíonn daoine in ísle brí - agus tá sé buailte linn inniu. Níl aon dabht ach go mbeidh an dianghlasáil ag cur leis i mbliana.

Is cúis imní é go bhfuil lear mór daoine gafa sa bhaile leo féin le linn na pandéime, go háirithe iad siúd atá leochaileach agus daoine a bhfuil cónaí orthu ina n-aonair. Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh roimhe teagmháil a dhéanamh lenár gcairde agus lenár mbaill teaghlaigh, bíodh sin thar Zoom, thar WhatsApp nó thar sconsa an ghairdín. 

Ní hamháin sin ach caithfidh muid aire a thabhairt dár meabhairshláinte féin. Is féidir linn uilig a bheith ag fulaingt ar chúiseanna éagsúla agus mhúscail Covid-19 imní níos leithne i measc an phobail. Tá sé ríthábhachtach nach gcaitheann muid barraíocht ama ag amharc ar an nuacht agus ba cheart dúinn labhairt le duine nuair atá muid ag streachailt.

Labhair Meon Eile le Póilín Nic Géidigh, John Sharpson agus Brian Mac an tSionnaigh faoi thús áite a thabhairt dár meabhairshláinte in 2021.

Close
Close